Folúntas: Oifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht na Mí

Mar 22, 2023

Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí f/ch Comharchumann Ráth Chairn ar chonradh dhá bhliain.

Duine cumasach fuinniúil a bhfuil taithí agus cáilíochtaí aige/aici i réimse oibre na pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar atá á lorg, le meas agus suim aige/aici i gcur chun cinn na Gaeilge. Fáilteofar roimh iarratas ó dhaoine leis an taithí agus cáilíochtaí seo a leanas:
• Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa.
• Cáilíocht ábhartha triú leibhéal sa réimse pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar.
• Tuiscint agus taithí mhaith ar chúrsaí pleanála teanga, ar fhorbairt pobail agus i bplé le coistí/struchtúir phobail.
• Taithí i mbainistiú agus i gcur i gcrích tionscadal, mar aon le heolas agus taithí ar bhainistiú airgeadais.
• Scileanna maithe cumarsáide, áistheoireachta, comhordaithe agus idirphearsanta.
• Bheith in ann oibriú as a stuaim féin.

Seoltar litir iarratais mar aon le Curriculam Vitae roimh Dé hAoine 31 Márta 2023 chuig bainisteoirccrc@gmail.com nó chuig An Cathaoirleach, Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na
Mí, Comharchumann Ráth Chairn, Baile Átha Buí, C15 E8FT.

Tuilleadh Eolais Anseo