Folúntas: Príomoide á earcú i mBaile Átha Cliath Thiar
Is Gaelscoil nuabhunaithe de chuid An Foras Pátrúnachta í Gaelscoil Lir a bhfuil éiteas ilchreidmheach aici.
Is mian linn duine cumasach agus fuinniúil a cheapadh mar Phríomhoide scoile. Ní mór go mbeidh sárscileanna ceannaireachta, cumarsáide agus bainistíochta ag an duine. Beidh fís láidir ag an té a cheapfar maidir leis an nGaeilge agus leis an gcultúr gaelach.
Is deis ar leith í seo don té a cheapfar a (h)oidhreacht féin a chruthú i gceantar mór fáis. Beidh rang amháin (naíonáin bheaga) i Meán Fómhair agus fásfaidh an scoil go 16 rang móide 2 rang speisialta. Glacfar le hiarratais, i nGaeilge amháin, go dtí 5pm ar an spriocdháta.