Folúntas: Stiúrthóir agus Ceannaire sa Chlub Iarscoile i Naíonra na nDéise (Lán-aimseartha)

Aug 10, 2022

Áit : Naíonra na nDéise, Gaelscoil na nDéise, Bóthar Charraig Phiarais, Port Láirge

Dáta tosnaithe : 22/08/22

Dáta críochnaithe : 23/06/23

Uaireanta Oibre : 8.45 a.m. go dtí 5.45 i.n. ón Luan go hAoine

Is post é seo do stiúrthóir i Naíonra na nDéise agus mar cheannaire sa Chlub Iarscoile. Tosnaíonn an lá oibre ag 8.45 r.n. agus críochnaíonn sé ag 5.45 i.n. Ba cheart go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge ag an té a chuireann isteach ar an bpost seo mar aon le cáilíocht i gcúram leanaí (Leibhéal 5 ar a laghad). Ní ghlacfar le hiarratais scríofa as Béarla. 

Ba cheart litir iarratais agus Curriculum Vitae cuí a sheoladh trí ríomhphost chuig an gCathaoirleach ag postannagnd@gmail.com roimh an Satharn 13/08/22.