Folúntas: Stiúrthóir agus Ceannaire sa Chlub Iarscoile i Naíonra na nDéise (Páirt-aimseartha)
Áit: Naíonra na nDéise, Gaelscoil na nDéise, Bóthar Charraig Phiarais, Port Láirge
Dáta tosnaithe: 22/08/22
Dáta críochnaithe: 23/06/23
Uaireanta oibre: 11.00r.n. go dtí 4.00i.n. ón Luan go hAoine
Is post é seo do stiúrthóir i Naíonra na nDéise agus mar cheannaire sa Chlub Iarscoile. Tosnaíonn an lá oibre ag 11.00 r.n. agus críochnaíonn sé ag 4.00 i.n. Ba cheart go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge ag an té a chuireann isteach ar an bpost seo mar aon le cáilíocht i gcúram leanaí (Leibhéal 5 ar a laghad). Ní ghlacfar le hiarratais scríofa as Béarla.
Ba cheart litir iarratais agus Curriculum Vitae cuí a sheoladh trí ríomhphost chuig an gCathaoirleach ag postannagnd@gmail.com roimh an Satharn 13/08/22.