Aibreán 2022 - Treoir do scoileanna Gaeltachta faoi scoláirí ón Úcráin

Treoir do Scoileanna i gceantair Ghaeltachta
Do scoileanna i gceantair Ghaeltachta, atá ag cur fáilte roimh scoláirí ón Úcráin agus á gclárú, aithnítear gur dócha nach mbeidh aon taithí nó eolas ag na scoláirí ar an nGaeilge. I mórán cásanna, ní bheidh ach Úcráinis agus/nó Rúisis ag na scoláirí, agus beagán tuisceana ar an mBéarla.