Aibreán 2022 - Treoir do scoileanna lán-Ghaeilge faoi scoláirí ón Úcráin

Treoir do scoileanna lán-Ghaeilge
Do scoileanna lán-Ghaeilge atá ag cur fáilte roimh scoláirí ón Úcráin agus á gclárú, aithnítear gur dócha nach mbeidh aon taithí nó eolas ag na scoláirí ar an nGaeilge. I mórán cásanna, ní bheidh ach Úcráinis agus/nó Rúisis ag na scoláirí agus beagán tuisceana ar an mBéarla.