Gan aon tagairt don POLG i ndréachtchlár oibre an rialtais nua

Jul 28, 2025

POLG 9900000000079e3c

Reáchtáil Gaeloideachas feachtas stocaireachta roimh agus arís tar éis an toghcháin chun éilimh na heagraíochta a chur i láthair iarrthóirí na bpáirtithe polaitiúla agus neamhspleáigh. D’fhoilsigh an eagraíocht bileog stocaireachta lena cuid éilimh a scaipeadh go forleathan.

Tá dréachtchlár oibre an rialtais nua foilsithe ón tseachtain seo caite agus seo  thíos na príomhphointí  atá ann a bhaineann leis an earnáil oideachais lán-Ghaeilge:

  • Leathnú ar dheiseanna do dhaltaí chun freastal ar Ghaelscoileanna &  Gaelcholáistí.
  • Dul i dtreo curaclaim mhúineadh na Gaeilge a ailíniú leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach chun feabhas a chur ar an nGaeilge labhartha ag an  mbunleibhéal, iar-bhunleibhéal agus triú leibhéal.
  • Leanúint ag tacú leis an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.
  • Cur le líon na gclár oiliúna trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí.
  • Tacú le naíonraí agus naíolanna chun go mbeidh rochtain ar oideachas luath-óige sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht.
  • Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a bhunú in áiteanna a bhfuil éileamh orthu agus tacú le tuismitheoirí ar mian leo oideachas Lán-Ghaeilge dá bpáistí.
  • Díriú ar bhealaí chun cur le tacaíochtaí i nGaelscoileanna & Gaelcholáistí, go háirithe i gceantair Ghaeltachta a bhfuil comhréir ard iontu de dhaltaí nach iad Gaeilge ná Béarla a gcéad teanga.

Cé go bhfuil  aird tugtha ar  chuid de na héilimh a bhí ag Gaeloideachas sna pointí thuas, tá an eagraíocht díomách faoin doiléire agus neamhcheangailteacht a bhaineann le spriocanna. Ina theannta sin, níl aon tagairt déanta sa dréachtchlár oibre don Polasaí Oideachais Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ná den ról lárnach ag na naíonraí sa pholasaí céanna. D’fhéadfaí a thuiscint uaidh sin nach luaitear an POLG de bharr é a bheith faoi lámha na Roinne Oideachais cheana,  ach táthar ag súil anois le hAire ceannródaíoch a bheidh sásta seasamh láidir a ghlacadh ar son an oideachais lán-Ghaeilge, ag tosú le POLG láidir a thagann le riachtanais forbartha na hearnála seo.