Géarchéim Soláthar Múinteoirí – Feachtas Réamhbhuiséid Cumann Múinteoirí Éireann (INTO)

Sep 18, 2026

Tá Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) ag rith feachtais láidir réamhbhuiséid i mbliana mar a dhéanann an ceardchumann gach bliain.

“1,000 múinteoir bunscoile eile chun leasa ár leanaí” mana fheachtas na bliana seo. Cén fáth? :

  • Tá go díreach 419,823 paistí i ranganna ollmhóra, atá os cionn meánmhéid ranga an AE de 19 dalta
  • Tá 996 post múinteoireachta san iomlán nach bhfuil líonta
  • Agus tá 7,864 ról ionaid á gclúdach ag pearsanra neamhcháilithe

I mbliana níl ach iarratas amháin ann: 1,000 múinteoir breise sa chóras (gach bliain ar feadh 4 bliana – ach iad ag tosú le 2027!)

Tá CMÉ ag iarraidh ar mhúinteoirí, thuismitheoirí agus gach éinne a bhfuil suim acu sa cheist seo r-phost a chur chuig a dTeachtaí Dála agus tá uirlis ar shuíomh an INTO chuige seo.

Tá an t-eolas ar fad – an t-ábhar bolscaireachta, maraon leis an litir/rph ar fáil trí Ghaeilge ag an nasc thíos:

Tacaigh le héileamh cheardchumann na mbunmhúinteoirí, an INTO ag an nasc seo.