Géarghá le pleanáil níos luaithe agus cumarsáid fheabhsaithe don Chlár Samhraidh
Tá litir curtha ag Gaeloideachas chuig an Roinn Oideachais le haird a tharraingt ar an imní atá léirithe ag scoileanna lán-Ghaeilge agus ag teaghlaigh faoi phleanáil agus faoi sheachadadh Chlár Samhraidh na bliana seo.
Cuireann an Clár Samhraidh tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu, ach chruthaigh moilleanna maidir le treoir chuí a eisiúint, athruithe ar chritéir an chláir agus deimhniú déanach ar áiteanna strus agus éiginnteacht inseachanta do scoileanna, do theaghlaigh agus do pháistí.
Bhí ar scoileanna tús a chur le pleanáil gan treoir nuashonraithe a bheith ar fáil dóibh agus ansin pleananna a athrú nuair a eisíodh eolas nua ar deireadh. Ní bhfuair roinnt teaghlach a bhí i dteagmháil le Gaeloideachas deimhniú ar áiteanna go dtí deireadh mhí an Mheithimh nó fiú mí Iúil i gcásanna áirithe, rud a chruthaigh dúshláin le cúram leanaí, obair agus socruithe samhraidh eile a eagrú. Bhí an éiginnteacht an-dúshlánach do pháistí áirithe a bhaineann tairbhe as gnáthaimh, leanúnachas agus tacaíochtaí a bhfuil cur amach nó réamheolas acu orthu.
Bhí cúrsaí earcaíochta níos dúshlánaí i mbliana freisin toisc nach raibh scoileanna in ann earcaíocht do mhúinteoirí agus CRSanna a dheimhniú go staid an-déanach, rud a d’fhág go raibh go leor ball foirne ag fanacht le fáil amach an mbeadh fostaíocht samhraidh acu nó an mbeadh orthu obair mhalartach a lorg. Bhí dúshláin bhreise roimh scoileanna lán-Ghaeilge mar gheall ar an ngá le múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta le hinniúlacht chuí sa Ghaeilge le gur féidir le páistí leanúint ar aghaidh ag foghlaim agus ag fáil tacaíochta trí Ghaeilge. De dheasa na moilleanna agus an easpa eolais, ní raibh roinnt den bhfoireann sin ar fáil a thuilleadh. Chuir príomhoidí imní agus díomá in iúl freisin faoi na hathruithe ar chóimheasa foirne agus iad buartha nach mbeadh a gcuid scoileanna in ann tacú le leanaí go sábháilte agus go héifeachtach.
Tá Gaeloideachas ag iarraidh ar an Roinn feabhas a chur ar an réamhphleanáil trí threoir a fhoilsiú i bhfad roimh ré, iarratais agus soláthar foirne a dheimhniú níos luaithe, cóimheasa foirne cuí a bheith ann, agus amlíne shoiléir bhliantúil a thabhairt isteach don chlár.
Chabhródh pleanáil níos luaithe agus cumarsáid níos fearr le strus a laghdú do theaghlaigh agus do scoileanna. Bheadh sé níos éasca do scoileanna baill foirne a earcú agus chabhródh sé len chinntiú go bhfaigheann leanaí an tacaíocht ar ardchaighdeáin atá de dhíth.