Glaoch deireanach- suirbhé RBO sa Naíonra

Feb 13, 2025

RBO sa naionra

Míle buíochas leo siúd a chomhlíon an suirbhé le déanaí. Píosa oibre an-thábhachtach a atá ann, agus an chéad taighde déanta ar an gceist seo a dhíríonn ar na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Tá Dr Sinéad Nic Aindiú ag déanamh scagadh ar na torthaí a fuaireamar go dtí seo. 

Seo an glaoch deireanach chun an suirbhé a chomhlíonadh. Ná déan dearmad go gcuirfear i gcrannchur tú chun bosca RBO a bhuachan don Naíonra. Tá luach €200 sa bhosca.

Tabhair faoin suirbhé anseo. 

Más mian leat go gcuirfear sa chrannchur thú, seol ríomhphost chuig katie@gaeloideachas.ie. Dúnfar an suirbhé leictreonach ar an 13 Feabhra ag 19.00.