Grúpa Fócais do Thuismitheoirí
Tá an Roinn Oideachais ag iarraidh ar aon duine a bhfuil spéis acu san oideachas lán-Ghaeilge – tuismitheoirí, mic léinn, múinteoirí agus páirtithe leasmhara eile – páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán oscailte ar pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge (lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta).
An chéad chéim sa chomhairliúchán seo ná suirbhé ar líne agus glao ar aighneachtaí scríofa. Roimh an spriocdháta 16 Eanáir dóibh seo, ba mhaith le Gaeloideachas cloisteáil ó thuismitheoirí faoi na rudaí is tábhachtaí daoibhse sa pholasaí nua seo. Is deis iontach í seo tógáil ar an obair iontach atá déanta ag naíonraí agus scoileanna thar na blianta, le cinntiú go dtabharfar tacaíocht chuí dóibh chun leanúint leis an obair sin, agus chun ár bpobal a fhás.
Reáchtálfar an grúpa fócais ar líne, i mBéarla agus i nGaeilge, chun é a dhéanamh chomh inrochtana agus is féidir do thuismitheoirí ag gach leibhéal – naíonra, bunscoil agus iar-bhunscoil. Chun clárú, líon isteach an fhoirm anseo le do thoil agus seolfaimid an nasc chugat le bheith linn.