I gcuimhne ar Dhónal Ó Loingsigh
Ár gcomhbhrón mór ó chroí le muintir uile Scoil an tSeachtar Laoch ar chailliúint an Iar-Phríomhoide, Dónal Ó Loingsigh. Fear uasal, lách agus paiseanta i leith an oideachais, na Gaeilge agus a chuid daltaí scoile ba ea Dónal.
Ba dhíograiseoir go smior é, a chuir a chroí agus a anam isteach i mbunú na scoile sa bhliain 1970, tráth nach raibh aon soláthar oideachas lán-Ghaeilge i mBaile Munna. Bhí sé an-tógtha leis na cluichí gaelacha agus an-suim aige sa drámaíocht chomh maith. D’fhág sé cuimhní áille leis na daltaí uile a bhí faoina gcúram.
Tá ár smaointe lena mhuintir, a chairde, agus le pobal uile na scoile agus na Gaeilge ag an am brónach seo. Suaimhneas síoraí dá anam.
~ Bláthnaid ní Ghréacháin (Ardfheidhmeannach Gaeloideachas) & Seán Ó hArgáin (Uachtarán Gaeloideachas)