Iarratas ar Chúnamh le Taighde

Sep 15, 2026

Is múinteoir Gaelscoile i gCathair Phort Láirge í Esther Ní Dhulchaointigh agus tá sí ag gabháil do PhD san Oideachas i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Mar chuid den taighde PhD, déanfar iniúchadh ar fhorbairt bhonn eolais agus chleachtas an mhúinteora tumoideachais agus é/í ag plé leis an litearthacht dhisciplíneach i gcomhthéacs mhúineadh na staire. Tá tuilleadh eolais faoina cuid oibre ag an nasc thíos agus ceistneoir ghearr le comhlánú maidir lena taighde.  

Eolas & Ceistneoir