Rialacháin agus Polasaithe
Ar an leathanach seo tá eolas maidir leis na rialacháin a bhaineann le naíonraí agus suíomhanna eile ina gcuirtear oideachas agus cúram luath-óige ar fáil. Cliceáil ar na ceannteidil thíos le tuilleadh eolais a fháil.
Déanann muid ár ndícheall le cinntiú go bhfuil an eolas seo cothrom le dáta ach le do thoil, bí cinnte teagmháil a dhéanamh leis an t-údarás lena mbaineann, nó leis an gCoiste Cúram Leanaí ábhartha duit má tá ceist agat ina leith.
Níl ról mar údarás ag Gaeloideachas mar a bhaineann le naíonraí: ní dhéanann muid cigireacht ar naíonraí, ní dhéanann muid naíonraí a fhaomhadh agus níl ról bainistíochta againn mar a bhaineann leo. An ról atá againn ná cabhrú le naíonraí tumoideachas a chur ar fáil do na páistí faoina gcúram. Is féidir tuilleadh a léamh faoi ról Gaeloideachas anseo.
Teimpléid do Pholasaithe agus Foirmeacha
Polasaithe
- Polasaithe samplacha Tusla do na luathbhlianta (ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla)
Foirmeacha
Cigireachtaí Tusla
Cigireachtaí Oideachas-dhírithe
Cuireadh tús i Fómhair 2015 le scéim cigireachta nua de chuid na Roinne Oideachais & Scileanna. Tá cigirí luath-óige ag tabhairt cuairt ar sheirbhísí a ghlacann páirt sa scéim ECCE, le measúnú a dhéanamh ar chaighdeán an tsoláthair oideachais.
Impleachtaí don Naíonra
Forbairt Teanga
Is í forbairt teanga ceann de na príomhaidhmeanna atá ag baint le foghlaim i naíonraí atá rannpháirteach sa scéim ECCE. I gcreatlach cáilíochta na Roinne, baineann na tagairtí do ‘teanga’ le Gaeilge, i gcás soláthar trí mheán na Gaeilge.
Measúnú
- Ní thabharfaidh an Roinn fógra roimh ré faoin gcigireacht
- Mairfidh sí ar feadh lá amháin
- Ní dhéanfar cumas Gaeilge na stiúrthóirí naíonra á mheas go díreach
- Déanfar measúnú ar chumas na stiúrthóirí tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt scileanna teanga na leanaí
- Díreofar aird faoi leith ar conas a léiríonn na stiúrthóirí an teanga chuí do na leanaí
- Féachfar ar conas a chothaítear teanga éiritheach na leanaí
Creatlach Cáilíochta
Tá creatlach cáilíochta foilsithe ag an Roinn maidir leis an scéim nua, ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tá Gaeloideachas ag plé leis an Roinn maidir le himpleachtaí na scéime do na naíonraí, agus freastal na scéime ar sheirbhísí luath-óige lán-Ghaeilge. Íoslódáil an bhileog treorach thíos:
- Bileog Threorach maidir le Cigireachtaí Oideachais-dhírithe (MS Word, 154kb, MF 2015)
- Briefing Paper re Education-focused Inspections (MS Word, 154kb, MF 2015)
Treoir
Tá treoir atá foilsithe ag an Roinn a leagann amach na cleachtais agus nósanna imeachta a bhaineann leis an bpróiseas cigireachta. Tá sé éifeachtach ó 11 Aibreán 2016. Íoslódáil an leabhrán treorach thíos:
- Treoir don Chigireacht dírithe ar Oideachas sna Luathbhlianta (EYEI) i Suímh Luathbhlianta a ghlacann páirt sa Chlár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) (PDF, 1.1MB, MF 2015)
Aiseolas agus Comhairle
Tabharfaidh na cigirí aiseolas agus comhairle phraiticiúil do chleachtóirí, chomh maith le moltaí maidir leis an mbealach ar féidir feabhas a chur ar an soláthar. Tabharfar deis do dhaoine atá ag obair in earnáil na luath-óige a dtuairimí a nochtadh ar an mbealach a chuirfear an chigireacht seo i gcrích.
Tuilleadh Eolais
Tá tuilleadh eolais maidir leis an scéim ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an Roinn: eyei@education.gov.ie nó 01 8896516.