Ar Scáth a Chéile

Ar Scáth a Chéile 2020

An bhfuil do scoil ag lorg deiseanna chun gréasánú le scoileanna nó naíonraí eile? Nó b’fhéidir go bhfuil suim agaibh teacht le chéile agus acmhainní a chomhroinnt, polasaithe a fhorbairt agus a phlé le chéile, nó b’fhéidir gur mhaith libh oide-ócáid ar shainábhar faoi leith a eagrú i bpáirt le múinteoirí eile? Níl anseo ach cúpla féidearthacht faoinár scéim Ar Scáth a Chéile don bhliain 2020. Tapaigh an deis agus déan iarratas inniu.

An sprioc

Bualadh le daoine eile i do réigiún le foghlaim óna chéile nó in éineacht lena chéile, le saincheisteanna a phlé, agus le taithí agus saineolas a chomhroinnt.

Na féidearthachtaí

  • Forbairt ghairmiúil leanúnach, aoichainteoirí, ceardlanna.
  • Forbairt pholasaithe nó chleachtas, réitigh ar dhúshláin comónta.
  • Imeachtaí nó ranganna do thuismitheoirí.
  • Tae agus plé – imeachtaí agus gníomhaíochtaí a fhreastalaíonn ar riachtanais atá ag pobail na scoileanna sa réigiún.
  • Teacht le chéile do phríomhoidí le ceisteanna bainistíochta agus ceannaireachta a phlé.

Is féidir leis an teacht le chéile a bheith foirmiúil nó neamhfhoirmiúil. Aithníonn Gaeloideachas an tábhacht agus an tairbhe a bhaineann le cultúr láidir gréasánaithe atá bunaithe ar chomhar agus chomhoibriú, mar sin is faoi phobail na scoileanna féin cinneadh a dhéanamh maidir le cad a oireann dóibh. 

Le déanamh

  1. Moladh maidir le himeacht féinreáchtáilte a sheoladh chuig Gaeloideachas trí fhoirm iarratais Ar Scáth a Chéile a chomhlánú (ag bun an leathanaigh seo).
  2. Nuair a dhéantar d’iarratas a fhaomhadh, an t-imeacht a eagrú. Beidh foireann Gaeloideachas ar fáil le comhairle a thabhairt, más cuí.
  3. Cuireadh a thabhairt do scoileanna eile, agus naíonraí, más cuí, páirt a ghlacadh san imeacht. Cabhróidh Gaeloideachas leat é a phoibliú.

Glacfar le hiarratais ó phríomhoidí, múinteoirí, baill d’fhoireann tacaíochta na scoile nó tuismitheoirí.

Cuirfear deontas ar fáil leis na costais a bhaineann leis an imeacht a chlúdach, bunaithe ar admhálacha. Tá €500 go €1000 ar fáil, ag brath ar líon na scoileanna a bheidh páirteach ann.

Tá liosta thíos d’imeachtaí samplacha, móide téarmaí agus coinníollacha na scéime, agus fáiltíonn muid roimh aon cheist ina leith ach teagmháil a dhéanamh le Ciara ar 01 805 7736 nó ciara@gaeloideachas.ie

Samplaí d’imeachtaí

  • Teacht le chéile chun saincheisteanna a phlé. Mar shampla, príomhoidí nuacheaptha, múinteoirí ábhar, múinteoirí le freagracht as cur chun cinn na Gaeilge go sóisialta, comhordaitheoirí idirbhliana, cúntóirí agus comhordaitheoirí riachtanais speisialta oideachais, grúpaí tuismitheoirí, múinteoirí naíonra agus bunscoile, nó eile.
  • Forbairt ghairmiúil trí cheardlanna, seimineáir agus seisiúin oiliúna ar rogha na rannpháirtithe.
  • Oide-ócáidí idir scoileanna.
  • Ranganna Gaeilge do thuismitheoirí ó naíonraí agus scoileanna éagsúla. *
  • Cuairteanna chuig scoileanna agus naíonraí eile le foghlaim óna chéile. *
  • Straitéisí chun an leanúnachas idir na leibhéil éagsúla a fhorbairt agus a chothú (naíonraí, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna).*
  • Foireann tacaíochta foghlama ag teacht le chéile, múinteoirí ar cuairt chuig scoileanna a bhfuil aonaid/acmhainní maithe RSO acu.*
  • Oíche eolais do thuismitheoirí ionachasacha maidir le buntáistí an oideachais lán-Ghaeilge i gcoitinne nó plé maidir le ról tuismitheoirí san oideachas lán-Ghaeilge.

* Eisceachtaí: Glacfar le híosmhéid de 2 scoil/nó naíonra agus scoil amháin do na himeachtaí thíos:

  • Ranganna Gaeilge do thuismitheoirí ó naíonraí agus scoileanna éagsúla.
  • Cuairteanna chuig scoileanna agus naíonraí eile le foghlaim óna chéile.
  • Straitéisí chun an leanúnachas idir na leibhéil éagsúla a fhorbairt agus a chothú (naíonraí, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna).
  • Foireann tacaíochta foghlama ag teacht le chéile, múinteoirí ar cuairt chuig scoileanna a bhfuil aonaid/acmhainní maithe RSO acu.

Coinníollacha na Scéime

  1. Ní mór don iarratas teacht ó scoil lán-Ghaeilge nó Ghaeltachta a bhfuil ballraíocht reatha aici le Gaeloideachas.
  2. Baineann na deontais seo leis an tréimhse 2 Márta– 7 Nollaig 2020 amháin. Ní féidir linn deontais a cheadú d’imeachtaí lasmuigh den tréimhse sin.
  3. Caithfidh ar a laghad 4 pháirtí bheith rannpháirteach sa teacht le chéile. Is ionann ‘páirtí’ agus naíonra, naíscoil, bunscoil, iar-bhunscoil, sruth nó aonad. Is féidir go mbainfidh na páirtithe le leibhéil éagsúla, thuaidh agus theas.
  4. Ní cheadófar níos mó ná iarratas amháin ó aon scoil le linn na tréimhse.
  5. Bronnfar uasmhéid in aghaidh an imeachta bunaithe ar líon na bpáirtithe. Tá suim de €500 ar fáil do ghrúpaí a bhfuil idir 4 agus 7 bpáirtí rannpháirteach ann. Tá suim de €1000 ar fáil do ghrúpaí a bhfuil 8 bpáirtí agus os a chionn rannpháirteach ann.
  6. Is gá go mbeadh gach imeacht oscailte do pháirtithe cuí eile sa réigiún. Chuige sin, is gá don iarrthóir eolas cuí a chur ar fáil le go mbeidh Gaeloideachas in ann an imeacht a phoibliú sa réigiún.
  7. Is le scoil amháin a n-íocfar an deontas. Ní féidir deontas a íoc le haon tríú páirtí.
  8. Is ar bhonn admhálacha agus tuairisce amháin a íocfar an deontas. Ní ghlacfar le haon admhálacha i ndiaidh 7 Nollaig 2020.
  9. Tabharfar tús áite d’iarratais de réir mar a thagann siad chun na hoifige, agus de réir bhuiséad teoranta na scéime. Moltar iarratas a dhéanamh roimh don imeacht tarlú, le deimhniú go mbeidh deontas ar fáil chuige.
  10. Cuirfear iarratais nach féidir a cheadú de dheasca ró-éilimh ar liosta feithimh.
  11. Ní mór tuairisc shimplí ghearr a chur ar fáil do Gaeloideachas tar éis an imeachta (uasmhéid 200 focal) ag míniú cur chuige, toradh agus moltaí ag eascairt as an imeacht. Is féidir go gcuirfidh Gaeloideachas an tuairisc seo i dtuairisc a roinnfear ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas agus/nó i bpoiblíocht eile de chuid na sceime.

* Eisceachtaí: Glacfar le híosmhéid de 2 scoil/nó naíonra agus scoil amháin do na himeachtaí thíos:

  • Ranganna Gaeilge do thuismitheoirí ó naíonraí agus scoileanna éagsúla.
  • Cuairteanna chuig scoileanna agus naíonraí eile le foghlaim óna chéile.
  • Straitéisí chun an leanúnachas idir na leibhéil éagsúla a fhorbairt agus a chothú (naíonraí, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna).
  • Foireann tacaíochta foghlama ag teacht le chéile, múinteoirí ar cuairt chuig scoileanna a bhfuil aonaid/acmhainní maithe RSO acu.

Póstaer

Ar Scáth a Chéile 2020