Staitisticí

Bailíonn Gaeloideachas staitisticí ó na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Cabhraíonn na staitisticí seo linn pleanáil straitéiseach a dhéanamh ar fhorbairt agus riachtanais na hearnála, agus tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do na naíonraí.
Ó 2023, beidh staitisticí maidir leis na luathbhlianta trí mheán na Gaeilge ar fáil ón Roinn Leanaí: contact@equality.gov.ie.
Tá sé mar sprioc againn eolas cruinn agus cuimsitheach a sholáthar don phobal maidir leis an earnáil. Foilseofar staitisticí ginearálta dá réir, ach faoi pholasaí Gaeloideachas ní chuirfear eolas faoi aon naíonra ar leith ar fáil go poiblí, nó d’aon tríú pháirtí gan cead i scríbhinn a fháil ón naíonra roimh ré.
Naíonraí
Is iad torthaí an ghníomh mapála a thug an Roinn Leanaí faoi le déanaí, Suirbhé ar Sholáthar i suíomhanna Luath-Óige agus Cúram Leanaí Lán-Ghaeilge, an eolas is mó suas-chun-dáta atá ar fáil dúinn maidir le líon na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Foilsíodh tuarascáil na Roinne ar thorthaí an suirbhé – a scaipeadh ar gach suíomh foghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí aois scoile sa tír – ar an 18 Deireadh Fómhair 2023, agus sa suirbhé ar a bhfuil an tuairisc bunaithe, is 53 naíonra lasmuigh den Ghaeltacht a thug le fios go bhfuil siad ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge. Cé nach raibh sé éigeantach do sheirbhísí an suirbhé a fhreagairt, measann Gaeloideachas go bhfuil na torthaí a léirítear ann réasúnta cruinn mar thomhais.
Beidh an tuarascáil seo mar chuid den bhuntaighde i bhforbairt ‘Plean Cuimsitheach Gníomhaíochta chun forbairt agus cur chun cinn Sholáthar Gaeilge i suímh Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige agus Cúraim Leanaí ar Aois Scoile’, atá le foilsiú ag an Roinn Leanaí i 2024.
Tá eolas ar fáil thíos maidir le líon na scoileanna lán-Ghaeilge, aonaid lán-Ghaeilge agus sruthanna Gaeilge; agus líon a ndaltaí laistigh agus lamuigh den Ghaeltacht; ar bhonn 32 contae, de réir an eolais is déanaí atá ar fáil dúinn. Baineann na staitisticí seo leis an scoilbhliain 2023-2024 agus tabharfar suas chun dáta iad nuair a bheidh eolas ar fáil dúinn.
Is í an Roinn Oideachais atá freagrach as staitisticí a bhailiú ó na scoileanna uile sna 26 contae, scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta san áireamh. Tá eolas níos cuimsithí ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Staidrimh sa Roinn le fiosrúcháin: 01-8892311 nó statistics@education.gov.ie.
Táimid buíoch de Chomhairle na Gaelscolaíochta, a roinneann eolas ginearálta linn maidir le staitisticí na scoileanna lán-Ghaeilge sna 6 contae.
Bunscoileanna
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Staidrimh sa Roinn Oideachais le fiosrúcháin: 01-8892311 nó statistics@education.gov.ie.
| 26 Co. lasmuigh den Ghaeltacht | Gaeltacht | 26 Co. iomlán | 6 Co. iomlán | Iomlán | |
| Daltaí |
36,606 | 7,346 | 44,052 | 4,632 | 48,684 |
|
Scoileanna |
153 | 103 | 256 | 35 | 291 |
Léiríonn figiúirí ón Roinn Oideachais go bhfuil 8% de dhaltaí bunscoile na 26 contae ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge, agus go bhfuil 8.3% de na bunscoileanna sna 26 contae ag feidhmiú trí Ghaeilge.
Iar-bhunscoileanna
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Staidrimh sa Roinn Oideachais le fiosrúcháin: 01-8892311 nó statistics@education.gov.ie.
| 26 Co. lasmuigh den Ghaeltacht | Gaeltacht | 26 Co. iomlán | 6 Co. iomlán | Iomlán | |
| Daltaí |
11,836 | 3,942 | 15,778 | 1,856 | 17,634 |
| Scoileanna | 45 | 29 | 74 | 5 | 79 |
Figures from the Department of Education indicate that 3.8% of post-primary school students in the 26 counties attend Irish-medium schools, and that Irish-medium schools account for 10% of the post-primary schools in the 26 counties.
Fás na hearnála
Cliceáil thios le graif a íoslódáil ar fás na hearnála lasmuigh den Ghaeltacht:
- Graf – Fás líon na scoláirí Meán Fómhair 1990 go Meán Fómhair 2023 (The increase in the number of pupils attending Irish-medium schools outside the Gaeltacht)
- Graf – Fás líon scoileanna lán-Ghaeilge Meán Fómhair 1972 go Meán Fómhair 2023 (The Growth of Irish Medium Schools in the 32 Counties outside the Gaeltacht)
Foinsí eolais eile:
- An Roinn Oideachais (scoileanna)
- Pobal (luathbhlianta) Ar iarratas ó Gaeloideachas, áireofar ceist maidir le teanga an tsoláthair i gceistneoir Pobal ó 2019 ar aghaidh. Cabhróidh seo le léargas níos iomláine a thabhairt ar an earnáil lán-Ghaeilge, agus le stocaireacht Gaeloideachas ar son cearta agus cothrom na féinne do na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.
- Comhar Naíonraí na Gaeltachta (naíonraí Gaeltachta)
- Comhairle na Gaelscolaíochta (naíscoileanna agus scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh)
- Early Childhood Ireland (seirbhísí luathbhlianta)