Bunscoileanna

Tugtar ‘scoil lán-Ghaeilge’ nó ‘gaelscoil’ ar scoil náisiúnta ina ndéantar gach gníomhaíocht trí mheán na Gaeilge agus ina bhfuil múnla an tumoideachas (mínithe thíos) i bhfeidhm. Tá na scoileanna lán-Ghaeilge maoinithe ag an Stát faoi na coinníollacha céanna le scoileanna náisiúnta eile, agus cuireann siad an curaclam caighdeánach bunscoile ar fáil. Cuireann scoileanna lán-Ghaeilge fáilte roimh pháistí ó gach cúlra teanga, cultúrtha, creidimh agus socheacnamaíochta.

Tá scoileanna lán-Ghaeilge ar fáil faoi phátrúnachtaí éagsúla. Is é an pátrún údarás bainistíochta na scoile. Cuireann an pátrún treoir agus tacaíocht ar fáil do phríomhoide agus bhord bainistíochta na scoile, agus tá siad freagrach as sainmheon na scoile a chur chun cinn. Bíonn sainmheoin chreidimh éagsúla ag scoileanna ag brath ar a bpátrún. I measc na scoileanna lán-Ghaeilge, tá scoileanna sainchreidhmheacha (Caitliceach), scoileanna idirchreidmheacha (le comhspiorad Caitliceach agus Protastúnach) agus scoileanna ilchreidmheacha (ní mhúintear aon chreideamh ar leith).

Tumoideachas

Is modh foghlama é an tumoideachas, córas a chuidíonn le páistí an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha trí eispéireas laethúil i dtimpeallacht lán-Ghaeilge. Ciallaíonn sé seo gur trí Ghaeilge a mhúintear gach ábhar sa scoil suas go Rang 6, seachas an Béarla. Ciallaíonn sé freisin gurb í an Ghaeilge an teanga chumarsáide sa scoil, laistigh agus lasmuigh de na ranganna, agus an teanga spraoi sa chlós. Ar an gcaoi seo, cothaítear líofacht an pháiste sa Ghaeilge.