Ceisteanna Coitianta

An gá dom Gaeilge a bheith agam le mo pháiste a chlárú le naíonra?

Ní gá. Cuirtear fáilte roimh pháistí ó gach cúlra teanga agus ó gach cultúr sna naíonraí. Labhróidh na múinteoirí Gaeilge amháin ón gcéad lá, agus úsáidfear comharthaíocht choirp, pictiúir agus tuin chainte le cinntiú go dtuigfidh na páistí iad. Tabharfaidh na páistí freagra ina dteanga bhaile ar dtús agus foghlaimeoidh siad go tapa conas Gaeilge a thuiscint agus ansin a úsáid. Glaoitear an luath-thumoideachas iomlán ar an modh seo agus baintear leas as ar fud an domhain. Tá iliomad buntáistí ag baint leis an tumoideachas d’fhorbairt an pháiste.

An bhfuil an luath-thumoideachas iomlán sa naíonra oiriúnach do pháistí le riachtanais speisialta?

Tá. Léiríonn an taighde go bhfuil an luath-thumoideachas oiriúnach do pháistí le riachtanais speisialta. Léiríonn an taighde go gcabhraíonn an tumoideachas leis an bpáiste scileanna cognaíocha agus cumarsáide níos fearr a fhorbairt, mar aon le féinmhuinín agus caoinfhulaingt a mhéadú.

An gcuirtear isteach ar an gcéad teanga nuair a thosaítear ar theanga eile a fhoghlaim?

Ní chuirtear, leathnaítear ar an gcumas iomlán teanga. Níl aon bhaol ann go ndéanfaí dochar do chéad teanga an pháiste ach an oiread, ó thaithí na naíonraí anseo in Éirinn agus a gcomhleithéidí i dtíortha eile, níl aon bhaol ann go n-éireoidh an páiste measctha, ní bhíonn deacracht acu an dá theanga a dheighilt óna chéile.

An dtógfaidh sé i bhfad ar mo pháiste Gaeilge a labhairt?

Tógann sé tamall sula dtosaíonn páiste ag labhairt teanga nua agus ní hionann aon bheirt sa ráta foghlama. Ní cóir go mbeadh tuismitheoir díomách mura mbeadh toradh le feiceáil nó le cloisteáil láithreach bonn. I gcás na chéad teanga de, tógann sé timpeall dhá bhliain sula dtosaíonn páiste ag caint ach ní hionann sin is a rá nach mbíonn aon rud ar siúl sa dhá bhliain sin. Sa naíonra is í an Ghaeilge amháin a úsáideann an múinteoir luathbhlianta chun gníomhaíochtaí a eagrú agus a phlé leis na páistí. Is iad bunchlocha teanga ná éisteacht agus tuiscint. Sa naíonra, cuirfear leis an stór focal a úsáidtear leis na páistí ar bhonn céimiúil. Beidh na páistí ag sealbhú teanga i mbealach nádúrtha ón iomad gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh ar siúl (amhráin, rannta, cluichí, súgradh cruthaitheach agus drámata, ealaín, agus eile). De réir a chéile tiocfaidh an lá a mbeidh an páiste in ann iad a úsáid ina c(h)omhthéacs féin.

Tá leabhrán do thuismitheoirí maidir leis an naíonra ar fáil saor in aisce ach teagmháil a dhéanamh linn – eolas@gaeloideachas.ie.

Cén buntáiste atá ag an tumoideachas do dhaltaí a bhfuil Gaeilge acu sa bhaile?

Tugann an córas tumoideachais deis do chainteoirí dúchais tógáil ar an stór Gaeilge atá acu cheana, agus í a shaibhriú. Tugann an timpeallacht lán-Ghaeilge sa seomra ranga agus taobh amuigh de tacaíocht laethúil d’úsáid na Gaeilge sa bhaile.

An mbeidh tionchar ag an tumoideachas ar chumas Béarla mo pháiste?

Bíonn tionchar dearfach ag an tumoideachas trí mheán na Gaeilge ar líofacht na na ndaltaí sa Bhéarla. Cuireann sé le cumais daltaí i dteangacha eile (lena n-áirítear Béarla) seachas aon bhac a chur orthu. Ní gá do thuismitheoirí a bheith buartha faoi chumas na ndaltaí má roghnaíonn siad leanúint ar aghaidh le staidéar ag an tríú leibhéal, mar go bhfuil na scileanna a fhorbraíonn na daltaí ag leibhéal na hiar-bhunscoile inaistrithe go dtí a n-oideachas tríú leibhéal. Ní bhíonn deacracht ag daltaí dul i ngleic le téarmaíocht i mBéarla mar tá tuiscint forbartha acu cheana féin ar na coincheapa a mbeidh de dhíth uathu le staidéar a dhéanamh ar an ábhar.

An bhfuil tumoideachas lán-Ghaeilge oiriúnach do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu?

Freastalaíonn naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge ar leanaí agus daltaí le riachtanais éagsúla go rialta, ina measc páistí agus daltaí le deacrachtaí radhairc agus/nó éisteachta, disléicse, páistí agus daltaí uathacha agus páistí agus daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais eile acu. Tá ranganna uathachais ag go leor scoileanna lán-Ghaeilge anois freisin. Cuirtear na tacaíochtaí céanna ar fáil do na páistí agus daltaí seo a bhfuil riachtanais speisialta acu is a chuirtear ar fáil i réamhscoileanna agus scoileanna príomhshrutha ar bith eile.

Maítear nach ndéanann an tumoideachas dochar do dhaltaí le riachtanais speisialta oideachais agus dearbhaíonn tuairisc ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta in 2011 go dtacaíonn an córas le forbairt shóisialta, mhothúchánach agus idirphearsanta.

An gá go mbeadh Gaeilge agam le mo pháiste a chur chuig scoil lán-Ghaeilge?

Ní gá. Is féidir spreagadh a thabhairt do do pháiste an Ghaeilge a shealbhú fiú mura bhfuil líofacht sa teanga agat féin. Níl Gaeilge mar theanga bhaile ag formhór na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge.

An cúnamh is mó gur féidir a thabhairt do do pháiste agus iad ag freastal ar scoil ná meon dearfach agus spreagúil maidir leis an scoil agus an nGaeilge a léiriú dóibh. Cabhróidh sé le do pháiste má thuigeann siad go bhfuil tú bródúil astu agus go bhfuil suim agat ina bhfuil ar siúl acu.

An mbeidh mé in ann cúnamh a thabhairt do mo pháiste leis an obair bhaile?

Aithníonn scoileanna lán-Ghaeilge an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht na dtuismitheoirí i ngach gné d’oideachas a bpáistí, obair bhaile san áireamh. Tuigeann múinteoirí nach bhfuil Gaeilge líofa ag gach tuismitheoir agus tugtar obair bhaile d’fhonn treisiú a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha ag an dalta le linn am scoile.

Beidh do pháiste in ann an obair bhaile a thugtar dóibh a mhíniú duit sa teanga a úsáideann sibh le chéile sa bhaile. Cabhróidh sé go mór le do pháiste má léiríonn tú dóibh go bhfuil fíorspéis agat sa sealbhú teanga agus an dul chun cinn atá ar bun acu.

An gá go mbeadh mo pháiste ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge le háit a fháil in iar-bhunscoil lán-Ghaeilge?

Ní gá, ach tugann roinnt scoileanna tús áite do dhaltaí ag teacht ó scoileanna lán-Ghaeilge ina gcritéir iontrála. Ní chuirtear na critéir seo i bhfeidhm ach sa chás go bhfuil siad luaite go soiléir i bpolasaí iontrála na scoile, agus nach bhfuil dóthain áiteanna sa scoil le freastal ar an líon iarrthóirí. Moltar teagmháil a dhéanamh leis an scoil a bhfuil suim agat inti agus eolas a lorg maidir lena polasaí iontrála, agus na tacaíochtaí a chuireann sí ar fáil do dhaltaí ó bhunscoileanna meán-Bhéarla.

Léiríonn taighde go ngnóthaíonn daltaí in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge a tháinig ó bhunscoileanna meán-Bhéarla torthaí chomh hard céanna i nGaeilge agus sa Mhata sa Teastas Sóisearach le daltaí a tháinig ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge. 

An mbeidh deacrachtaí ag na daltaí tabhairt faoi na hábhair ar fad trí mheán na Gaeilge?

Tacaíonn múnla an tumoideachais le sealbhú teanga an dalta trí rannpháirtíocht agus ionsú iomlán; ní fhágtar ar a gconlán féin iad. Múintear teanga i gcomhthéacs an ábhair agus cabhraíonn an foghlaim chomhtháite leis an dalta dul chun cinn a dhéanamh sa Ghaeilge agus san ábhar araon.

An bhfuil leabhair agus áiseanna ar fáil do na daltaí i nGaeilge?

Tá. Cuireann COGG (An Comhairle um Oideachas Gaeltacht agus Gaelscolaíochta) áiseanna teagaisc agus seirbhísí tacaíochta ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus tá eolaire d’áiseanna teagaisc ar fáil acu ar http://www.cogg.ie/eolaire-aiseanna-teagaisc/.

An mbeidh na deiseanna céanna ar fáil do na daltaí lasmuigh den seomra ranga is a bheadh i scoil meán-Bhéarla?

Beidh, agus breis! Níl aon bhac ar scoileanna lán-Ghaeilge bheith rannpháirteach in imeachtaí náisiúnta, agus cuireann leithéidí comórtas an Eolaí Óg duais ar leith ar fáil dóibh siúd a ghlacann páirt trí mheán na Gaeilge. Tá rogha leathan imeachtaí ar fáil chomh maith atá dírithe ar dhaltaí na scoileanna lán-Ghaeilge amháin; imeachtaí spóirt, díospóireachta, drámaíochta, ceoil agus eile.

 

An bhfuil ceisteanna eile agat?

Bíonn foireann na heagraíochta ar fáil i gcónaí le plé le tuismitheoirí maidir le hoideachas a bpáistí. Déan teagmháil linn ar 01 8535195 nó eolas@gaeloideachas.ie.