Iar-bhunscoileanna

Tugtar scoil lán-Ghaeilge nó ‘gaelcholáiste’ ar iarbhunscoil ina ndéantar gach gníomhaíocht trí mheán na Gaeilge agus ina bhfuil múnla an tumoideachas (mínithe thíos) i bhfeidhm. Tá na scoileanna lán-Ghaeilge maoinithe ag an Stát faoi na coinníollacha céanna le scoileanna eile, agus cuireann siad an curaclam caighdeánach iarbhunscoile ar fáil. Cuireann scoileanna lán-Ghaeilge fáilte roimh dhaltaí ó gach cúlra teanga, cultúrtha, creidimh agus socheacnamaíochta.

Sainmheon

Tá iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ar fáil faoi phátrúnachtaí éagsúla. Is é an pátrún údarás bainistíochta na scoile. Cuireann an pátrún treoir agus tacaíocht ar fáil do phríomhoide agus bhord bainistíochta na scoile, agus tá siad freagrach as sainmheon na scoile a chur chun cinn. Bíonn sainmheon creidimh éagsúla ag scoileanna ag brath ar a bpátrún. I measc na n-iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, tá scoileanna sainchreidhmheacha (Caitliceach) agus scoileanna ilchreidmheacha.

Is í príomhaidhm na hiarbhunscoile lán-Ghaeilge ná oideachas den chéad scoth a sholáthar trí mheán na Gaeilge, a thabharfaidh do na daltaí na scileanna sóisialta, intleachtúla agus teicniúla a chuideoidh leo bheith ina ndaoine fásta iomlána agus geanúla. Tugann na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge faoi riachtanais gach dalta, chun an tuiscint, na scileanna agus na luachanna a chothú iontu a bheas ag teastáil le saol sona agus rathúil a bheith acu.

Tumoideachas

Is modh foghlama é an tumoideachas, córas a chuidíonn le daltaí an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha trí eispéireas laethúil i dtimpeallacht lán-Ghaeilge. Ciallaíonn sé seo gur trí Ghaeilge a mhúintear gach ábhar sa scoil, seachas an Béarla. Ciallaíonn sé freisin gurb í an Ghaeilge an teanga chumarsáide sa scoil, laistigh agus lasmuigh de na ranganna. Ar an gcaoi seo, cothaítear líofacht an dalta sa Ghaeilge.

Gaelcholáiste a roghnú