Naíonraí
Ionad luath-thumoideachais é an naíonra do pháistí idir 3-5 bliana d‘aois faoi chúram múinteoir luathbhlianta. Is trí mhodh an tsúgartha a fhoghlaimíonn an páiste ag an aois seo agus is trí mheán na Gaeilge a dhéantar seo sa naíonra. Aidhmeanna an naíonra ná:
- Forbairt iomlán an pháiste a chothú sna luathbhlianta
- Cabhrú le páistí atá á dtógáil le Gaeilge luath-oideachas a fháil ina dteanga féin agus an teanga sin a shaibhriú
- Cabhrú le páistí gan Ghaeilge an dara teanga a shealbhú go nádúrtha
- Seirbhís d’ardchaighdeán a chur ar fáil ionas go mbeidh eispéireas slán, taitneamhach, tairbheach ag an bpáiste i dtimpeallacht chairdiúil, faoi chúram foireann cháilithe.