Na Naíonraí Gaelacha

Is eagraíocht dheonach neamhspleách í Na Naíonraí Gaelacha, a bunaíodh in 1974 le tacú le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Is féidir le naíonraí a bhfuil ballraíocht acu le Na Naíonraí Gaelacha buntáiste a bhaint as tacaíochtaí agus deiseanna forbartha tríd an eagraíocht.

Is féidir na hacmhainní Maidin sa Naíonra, Amhráin do Pháistí agus BunGhaeilge do Thuismitheoirí, foilsithe ag Na Naíonraí Gaelacha, a cheannach ach teagmháil a dhéanamh le hÁis (ais@forasnagaeilge.ie) nó le Glór na nGael (eolas@glornangael.ie).

Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig Na Naíonraí Gaelacha: nanaionraigaelacha@gmail.com.