Nuacht do Thuismitheoirí

Foilsíonn Gaeloideachas nuacht anseo go tráth rialta, chomh maith le nuachtlitreacha coicísiúla ar ríomhphost do naíonraí, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna araon. Is féidir clárú leis na nuachtlitreacha seo a fháil thíos. Coinnigh súil orainn ar na meáin shóisialta chomh maith, agus tá lán-fháilte romhat scéalta a roinnt linn trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@gaeloideachas.ie.

IMRAM na nÓg

Féile Litríochta do Pháistí agus Spreagadh don tSamhlaíocht! Caithfear spásanna a chur in áirithe roimh ré, cuir rphost chuig majella@imram.ie le teideal an imeachta, agus ainmneacha agus aois na bpáistí. Is féidir clár na féile a léamh anseo: IMRAM na nÓg 2022...

Leigh

Anailís ar na hacmhainní reatha teagaisc agus foghlama do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Tá an-áthas orainn an píosa taighde ríthábhachtach seo ón Dr Sinéad Nic Aindriú agus an tOllamh Pádraig Ó Duibhir a roinnt. Sa taighde seo a choimisiúnaigh Gaeloideachas, déantar imscrúdú ar na hacmhainní measúnaithe agus teagaisc atá riachtanach do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta chun freastal cuí a dhéanamh ar scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu.

Leigh

Cúntóir iarscoile i gCnoc Mhuirfean (BÁC)

Tá Iarscoil Ghaelscoil Laighean ag lorg Gaelgeoir díograsach le taithí oiriúnach le bheith mar pháirt dár bhfoireann ag tabhairt aire do pháistí bunscoile san iarnóin. Tá an scoil lonaithe in Ionad Pobail Chnoc Mhuirfean (A94 R2Y4) agus ag reachtáil idir na huaireanta...

Leigh

Rannta le Chéile don Úcráin

Deis do theaghlagh ar gach aois ón dá thír teacht le chéile ar líne chun rannta & amhráin i nGaeilge & Úcráinis a roinnt agus aithne a chur ar a chéile. Ba mhaith le Glór na nGael cuireadh a thabhairt do theaghlaigh le Gaeilge & teaghlaigh ón Úcráin ar...

Leigh

Tacaíocht do dhaltaí ón Úcráin san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Tá naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre ag cur fáilte mhór roimh pháistí agus daoine óga ón Úcráin, agus ar an leathanach seo gheobhaidh tú naisc chuig na hacmhainní atá curtha ar fáil ag áisíneachtaí éagsúla chun cabhrú le teaghlaigh agus pobail scoile a bheith chomh ionchuimsitheach agus is féidir.

Leigh

Múinteoir Luathbhlianta ag teastáil ó Naíonra i dTeach Mealóg

Tá múinteoir ag teastáil ó Naíonra Réaltaí beaga, i dTeach Mealóg do Mheán Fómhair 2022. Leanann Naíonra Réaltaí Beaga an scéim ECCE. www.RéaltaíBeaga.ie Cáilíochtaí: - QQI Leibhéal 5, 6 nó 7 i gcúram leanaí agus oideachas na luathbhlianta Riachtanach: - Taithí (go...

Leigh

Tionól Forbartha 2022 seolta go hoifigiúil

Ag seoladh Tionól Forbartha Gaeloideachas, i bpáirt le COGG an tseachtain seo caite in Gaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh i gCorcaigh tugadh blaiseadh beag den chlár oiliúna agus siamsaíochta a bheidh ar fáil dúinn ag an Tionól.

Leigh

  • Le do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith. / Please select all of the newsletters you’d like to receive from us. You can change your mind at any time.