Nuacht do Thuismitheoirí

Foilsíonn Gaeloideachas nuacht anseo go tráth rialta, chomh maith le nuachtlitreacha coicísiúla ar ríomhphost do naíonraí, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna araon. Is féidir clárú leis na nuachtlitreacha seo a fháil thíos. Coinnigh súil orainn ar na meáin shóisialta chomh maith, agus tá lán-fháilte romhat scéalta a roinnt linn trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@gaeloideachas.ie.
Acmhainní do Pháistí agus Daoine a bhfuil Riachtanais Bhreise Oideachais acu
An bhfuil cur amach ag do scoil ar na hacmhainní uilig atá ag Gaeloideachas chun tacú le scoláirí néara-éagsúla? Rannóg Dhisléicse Rannóg Uathachais Ranganna Nua Uathachais Tá bileoga, leabhráin agus seicliostaí éagsúla ar fáil uainn agus...
Acmhainní do Thús na Scoilbhliana
Tá neart acmhainní ag Gaeloideachas ar féidir le scoileanna a chur ar fáil do thuismitheoirí nua. Tá formhór na leabhrán ar fáil i bhfoirm PDF i Leabharlann Gaeloideachas - ní gá ach “tuismitheoir” a roghnú mar úsáideoir, agus cuardach a dhéanamh ansin. Tá fáilte mhór...
Fóram Feasa Beo
Beidh Fóram Feasa Beo eagraithe ag Boird Oideachais & Oiliúna Éireann & COGG ar bun ar an Satharn, 19 Meán Fómhair 2026 i gColáiste Cois Life, Leamhchán, Co. Bhaile Átha Cliath. Téama: Úsáid na hIntleachta Saorga don teagasc trí Ghaeilge Cuirfear fáilte roimh...
Clár Píolótach Drámaíochta d’Iar-Bhunscoileanna
Tá An tOireachtas ag seoladh Clár Píolótach Drámaíochta d’Iar-Bhunscoileanna i bhFómhar 2026. Roghnófar 10 n-iar-bhunscoil ó na ceithre chúige agus ó Bhaile Átha Cliath chun páirt a ghlacadh sa chlár. Beidh 12 seachtain de sheisiúin ar fáil, le sé sheisiún roimh shos...
Géarchéim Soláthar Múinteoirí – Feachtas Réamhbhuiséid Cumann Múinteoirí Éireann (INTO)
Tá Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) ag rith feachtais láidir réamhbhuiséid i mbliana mar a dhéanann an ceardchumann gach bliain. "1,000 múinteoir bunscoile eile chun leasa ár leanaí" mana fheachtas na bliana seo. Cén fáth? : Tá go díreach 419,823 paistí i ranganna...
SAOIRSE
Comhléiriú de chuid na Taibhdheirce agus Amharclann na Mainistreach mar chuid de Féile Imill Bhaile Átha Cliath 16-19 Meán Fómhair ar Stáitse na Péacóige "Is ceoldráma nua é SAOIRSE a fhágfaidh ceol i do cheann agus lorg ar do chroí." Saoirse 16-19 Meán...
Áis Nua – Irish For Parents – Forbartha ag Gaeloideachas agus seolta ag an Aire Oideachais
Ar an 9 Meán Fómhair, sheol an tAire Oideachais, Hildegarde Naughton mol nua do thuismitheoirí, forbartha ag Gaeloideachas le maoiniú ón Roinn Oideachais & Óige agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Irish for Parents nó Gaeilge do Thuismitheoirí an teideal atá...
Comhdháil Teagaisc 2026
eagraithe ag Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge i Scoileanna T1 & T2 Dáta: Céadaoin 16 Meán Fómhair (9.00 -14.00) Ionad: Aula Maxima, Coláiste na hOllscoile Corcaigh Clár an Lae
An Foras Patrúnachta – Comhdháil na bPríomhoidí & CCB 2026
An Foras Patrúnachta - Comhdháil na bPríomhoidí & CCB 2026 Ionad: Óstán Tullamore Court, Co.Uíbh Fhailí. Dáta : Dé hAoine, 2 Deireadh Fómhair. Eolas & Clárúchán
Iarratas ar Chúnamh le Taighde
Is múinteoir Gaelscoile i gCathair Phort Láirge í Esther Ní Dhulchaointigh agus tá sí ag gabháil do PhD san Oideachas i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Mar chuid den taighde PhD, déanfar iniúchadh ar fhorbairt bhonn eolais agus chleachtas an mhúinteora...