Oideachas Gaeltachta

Cuireann Gaeloideachas seirbhísí tacaíochta ar fáil do scoileanna Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Beidh an t-eolas is deireanaí maidir le saincheisteanna a bhaineann le hoideachas Gaeltachta le fáil ar an leathanach seo

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022

Tá an an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2020 á riaradh ag An tAonad um Oideachas Gaeltachta sa Roinn Oideachais & Scileanna. Tá an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta á feidhmiú faoin bPolasaí ó Aibreán 2017.

105 bunscoil agus 29 iarbhunscoil páirteach sa Scéim.

Critéir theanga-bhunaithe le comhlíonadh ag bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna chun Aitheantas mar Scoil Ghaeltachta a bhaint amach.

Seo iad na tacaíochtaí ata ar fáil faoin Scéim:

Do bhunscoileanna agus scoileanna speisialta

  • Uaireanta breise do thacaíocht na Gaeilge
  • Leithdháileadh deontais
  • Forbairt Ghairmiúil Leanúnach á soláthar ag COGG
  • Treoirlínte Dea-chleachtais don Tumoideachas do Bhunscoileanna Gaeltachta
  • Tacaíocht na Cigireachta

D’iar-bhunscoileanna

  • Uaireanta breise do thacaíocht na Gaeilge
  • Leithdháileadh deontais
  • Forbairt Ghairmiúil Leanúnach á soláthar ag COGG
  • An tionscadal píolótach Ríomh-mhol
  • An clár píolótach Forás
  • Tacaíocht na Cigireachta

Oiliúint Múinteoirí

Chun soláthar múinteoirí atá líofa i nGaeilge a chinntiú do scoileanna Gaeltachta/LánGhaeilge tá cláracha breise oiliúna trí mheán na Gaeilge curtha ar fáil faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta sna hinsititiúidí 3ú leibhéal thíos:

Meastóireacht

Tá an tAonad um Oideachas Gaeltachta i gcomhpháirt leis an bhForas Taighde ar Oideachas agus an Chigireacht i mbun Staidéar Taighde agus Meastóireachta trí bliana, chun tionchar na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta a mheas chun bonn eolais a thabhairt do pholasaí agus do chleachtas sa todhchaí.

Tá gach eolas faoin bPolasaí Oideachas don Ghaeltacht le fáil ar shuíomh idirlín na Roinne Oideachais agus Scileanna ag https://www.education.ie/ga/An-C%C3%B3ras-Oideachais/Polasai-don-Oideachas-Gaeltachta-2017-2022/Polasai-don-Oideachas-Gaeltachta-2017-2022.html

Pleanáil Teanga

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá an Ghaeltacht roinnte i 26 Limistéar Pleanála Teanga. Tá ceanneagraíochtaí roghnaithe i ngach Limistéar chun Plean Teanga a thiomsú agus nuair a bhíonn an plean faomhaithe ag Roinn na Gaeltachta, an plean a chur i bfheidhm. Is féidir an liosta LPTeanna agus a gCeanneagraíochtaí a fheiceáil thíos. 

Ag an tráth seo, tá pleananna faomhaithe in 18 Limistéar agus Oifigigh Pleanála Teanga (agus Oifigigh Cúnta Pleanála Teanga i gcuid acu) ceaptha iontu.

Is é an teimpléad pleanála céanna atá curtha ar fáil do gach ceanneagraíocht agus tá caibidil ann dírithe ar ghníomhaíochtaí pleanála teanga i réimse an oideachais ins na LPTeanna, ag leibhéil réamhscolaíochta, bunscolaíochta, iar-bhunscolaíochta, 3ú leibhéal agus oideachas fad-saoil.

Ba bhreá linn eolas a roinnt ar an suíomh seo má tá imeachtaí ar bun ag do bhunscoil nó iar-bhunscoil i gcomhar leis an gceanneagraíocht pleanála teanga in bhur limistéar. Is féidir eolas agus grianghraif a chur ar aghaidh chuig peigi@gaeloideachas.ie

Is féidir gach eolas faoin bPróiseas Pleanála Teanga a fháil ag
https://www.udaras.ie/an-ghaeilge-an-ghaeltacht/pleanail-teanga/an-proiseas/.

Limistéir Phleanála Teanga agus Ceanneagraíochtaí

Tá eolas maidir leis na Limistéir Phleanála Teanga ar fáil anseo:

Limistéir Phleanála Teanga

Seo liosta na gCeanneagraíochtaí:: 

  1. Tuaisceart Dhún na nGall – Céim Aniar Teo & Pobal Eascarrach Teo
  2. Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh- An tSean Bheairic Teo & Coiste Pobail Ghort a’ Choirce
  3. Toraigh – Comharchumann Thoraí Teo
  4. Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir – Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
  5. Na Rosa – Forbairt na Rosann Teo, Machaire le Chéile Teo & CDP na Rosann Teo
  6. Árainn Mhór – Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo
  7. An Ghaeltacht Láir – Gleann Fhinne faoi Theorainn Ráthaíochta
  8. Dún na nGall Theas – Lár-Chomhairle Paróiste Ghleann
  9. Maigh Eo Thuaidh – Comharchumann Ionad Deirbhile Teo (Gaeilge Iorrais)
  10. Maigh Eo Thiar – Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla
  11. Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh – Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo
  12. Conamara Láir – Forbairt Chonamara Láir Teo
  13. An Cheathrú Rua – Comharchumann Mhic Dara
  14. Ceantar na nOileán – Comhairle Ceantar na nOileán
  15. Oileáin Árann – Comhar Chaomhán Teo
  16. Cois Fharraige – Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga
  17. Maigh Cuilinn – Forbairt Pobail Maigh Cuilinn
  18. Bearna & Cnoc na Cathrach – Plean Teanga Bhearna & Chnoc na Cathrach
  19. Oirthear Chathair na Gaillimhe – An Bruach Thoir
  20. An tEachréidh – Coiste Stiúrtha an Eachréidh
  21. Ciarraí Thiar – Comharchumann Forbartha Chorca Duibhne
  22. Ciarraí Theas – Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh
  23. Muscraí – Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo
  24. Cléire – Comharchumann Chléire Teo
  25. Na Déise – Comhlacht Forbartha na nDéise Teo
  26. Ráth Chairn & Baile Ghib – Comharchumann Ráth Chairn

Scoileanna ar na hOileáin Ghaeltachta

Tá 8 gcinn de bhunscoileanna na tíre agus 5 iarbhunscoil suite ar na hOileáin Ghaeltachta.

Oileán Bunscoileanna Iar-bhunscoileanna

Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall

Árainn Mhór 1

Áráinn Mhór 2

Gairmscoil Mhic Diarmada

Toraigh, Co. Dhún na nGall

Scoil Náisiúnta Cholmcille

Coláiste Pobail Cholmcille

Inis Mór, Co. na Gaillimhe

Scoil Náisiúnta Eoin Pól II

Scoil Náisiúnta Rónáin

Coláiste Naomh Éinne

Inis Meáin, Co. na Gaillimhe

Scoil Náisiúnta Inis Meáin

Coláiste Naomh Eoin

Inis Oírr, Co. na Gaillimhe

Scoil Náisiúnta Chaomháin

Coláiste Ghobnait

Cléire, Co. Chorcaí

Scoil Náisiúnta Chléire

Tá inmharthanacht phobal na n-oileán fite fuaite le h-inmharthanacht a gcuid scoileanna. Sin an fáth go mbíonn pobail foirne agus bainistíocht na scoileanna oileánda go síoraí ag labhairt amach ag lorg beartas nó reachtaíocht stáit a aithníonn gur gá polasaí oideachais dá gcuid féin do na hoileáin a réiteoidh na dúshláin a bhaineann leis.

I 2017 thionól an Comhchoiste Dála um Oideachas agus Scileanna éisteacht phoiblí ar na dúshláin atá roimh scoileanna ar oileáin agus i Feabhra 2018 foilsíodh tuarascáil bunaithe air. Aithnítear na dúshláin sa tuarascáil sin agus seo na moltaí a rinneadh sa tuarascáil:

  1. Go ndéanfaí an liúntas do mhúinteoirí i scoileanna ar oileáin a athbhunú chun aitheantas a thabhairt do na brúnna agus do na srianta breise a bhaineann leis an ról
  2. Gur chóir buiséad na scoileanna a ardú €20,000 ar a laghad i gcomhair gach meánscoil iar-bhunscoile ar oileán amach ón gcósta chun léargas a thabhairt ar fhíorchostas reatha na scoile sin
  3. Go leasófaí an fhoirmle a bhaineann le leithroinnt múinteoirí ar scoileanna ar oileáin agus go méadófaí na huimhreacha chun riachtanais uathúla na scoileanna ar oileáin a
  4. Go ndéanfadh an tAire imscrúdú ar an bhféidearthacht an scéim scoláireachta do scoileanna ar oileáin a leathnú agus eisiamh na ndaltaí Gaeltachta a bhaint ó na critéir incháilitheachta.
  5. Go mbronnfaí stádas mar scoil neamhspleách ar Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin
  6. Go mbronnfaí stádas DEIS ar na cúig iar-bhunscoil ar oileáin
  7. Go ndéanfar beartas sonrach a dhréachtú agus a chur i ngníomh ina dtabharfar aghaidh ar riachtanais scoileanna ar oileáin
  8. Go gcuirfí córas a bhaineann le ‘promhadh ó thaobh na n-oileán’ i ngníomh maidir le reachtaíocht, beartais agus tionscnaimh a bheidh á gcur i dtoll a chéile ag an Roinn Oideachais agus Scileanna sa todhchaí

Ar an 17 Meitheamh 2018 d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D. pacáiste tacaíochtaí breise chun tacú le hiar-bhunscoileanna na n-oileán i gceantair Ghaeltachta, comhlíonann siad go pointe moltaí 2,3,5 thuas:

  • Méadú ar leithdháileadh na múinteoirí do gach ceann de na hiar-bhunscoileanna oileáin ón leithdháileadh coibhéis 1 phost lán-aimseartha, mar atá faoi láthair, go coibhéis 1.5 lán-aimseartha ó Mheán Fómhair 2018
  • Buiséad imfhálaithe €15,000 breise in aghaidh na bliana do gach iar-bhunscoil oileáin chun corais oibríochtúla breise a chlúdach
  • Coláiste Naomh Eoin, a bhí mar Aonad Teanga (an tAonad) roimhe sin, mar scoil aonair neamhspleách ar Inis Meáin, Contae na Gaillimhe. 

I Feabhra 2020, chuir Gaeloideachas Aighneacht chuig Coiste Idirrannach TrasRialtais  ar Polasaí Uilechuimsitheach do na hOileáin mar fhreagairt do chuireadh ar aighneacht faoin anailís do Phlépáipéar an Rialtais maidir le Polasaí Oileánda (Samhain 2019). Cuireadh an aighneacht chun cinn ag tacú le éilimh go mbeadh réimse an oideachais ar na hoileáin tógtha san áireamh in aon Phlépháipéar a bheifí a tharraingt suas ar Pholasaí Uilechuimsitheach do na hoileáin.

Oifigigh Forbartha don Ghaeltacht

Peigí Ní Chonghaile | peigi@gaeloideachas.ie | 01 8535141 | 087 9452452 | Gaeloideachas, Uimh 4, An Ghorlann, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe

Cormac Ó Feinneadha | cormac@gaeloideachas.ie | 087 9155114 | Gaeloideachas, Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9