Scoileanna Nua

Bíonn Gaeloideachas ag obair le pobail i dtreo scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú, i gceantair atá aitheanta ag an Roinn Oideachais & Scileanna mar cheantair ina bhfuil scoileanna nua de dhíth agus anuas air sin i gceantair eile ina bhfuil an-éileamh ann ón bpobal don oideachas lán-Ghaeilge. Braitheann rathúlacht na n-iarratas ar scoileanna nua ar thacaíocht láidir ón bpobal agus ar léirithe spéise ó thuismitheoirí. Bíonn fáilte i gcónaí roimh rannpháirtíocht sna feachtais agus cuirtear gach tacaíocht ar fáil do na coistí atá ag obair i dteo scoileanna nua a bhaint amach dá gceantair.

Is í fís Gaeloideachas ná go mbeidh fáil ag gach tuismitheoir agus caomhnóir ar thumoideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán gurb é a rogha é dá gcuid páistí. Más suim leat cabhrú linn ár bhfís a bhaint amach, gheobhaidh tú eolas maidir leis na feachtais reatha ar www.gaelscoil4all.ie

Conas a bhunaítear scoileanna nua?

Bunaítear scoileanna lán-Ghaeilge nua i mbealaí éagsúla, agus tugann Gaeloideachas tacaíocht i ngach cás.

Is é an bealach is coitianta le scoil nua a bhunú ná nuair a fhógraíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil scoil nua ag teastáil i gceantar faoi leith. Tarlaíonn sé seo nuair a shocraíonn An Rannóg um Pleanáil Chun Cinn sa Roinn nach bhfuil go leor spásanna i scoileanna áitiúla le freastal ar phobal an cheantair atá ag fás nó ag athrú. Gheobhaidh tú breis eolais maidir leis an bpróiseas seo agus conas páirt a ghlacadh ann faoin táb Cuir do thuairim maidir le pátrúnacht in iúl.

Cé nach bhfuil sé chomh coitianta céanna, féadtar soláthar nua lán-Ghaeilge a bhunú i scoil atá ann cheana freisin. Is féidir leis seo tarlú:

  • nuair a shocraíonn scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla éiteas teanga na scoile a athrú go héiteas lán-Ghaeilge;
  • nuair a shocraíonn scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla aonad nó sruth lán-Ghaeilge a oscailt (tá breis eolais ar céard is aonad ann anseo);
  • nó nuair a thagann dhá scoil nó níos mó i gceantar le chéile le cónascadh a dhéanamh idir na scoileanna le scoil lán-Ghaeilge a bhunú.

Céard is pátrún scoile ann?

Is é pátrún na scoile an t-eintiteas dleathach atá freagrach as an scoil a rith ó lá go lá. Tá pátrúin éagsúla ag scoileanna lán-Ghaeilge; tá scoileanna áirithe faoi phátrúnacht an easpaig áitiúil, cinn eile atá faoi phátrúnacht an Bhoird Oideachais agus Oiliúna áitiúil agus go leor scoileanna eile faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta, carthanacht chláraithe atá dírithe ar phátrúnacht scoileanna lán-Ghaeilge.

 

Socraíonn an pátrún sainchreideamh (éiteas spioradálta nó creidimh) na scoile. Is scoileanna sainchreidmheacha (Caitliceacha) roinnt de na scoileanna lán-Ghaeilge, is scoileanna idirchreidmheacha cinn eile agus is scoileanna ilchreidmheacha (nach múintear aon sainchreideamh iontu) cinn eile. Socraíonn an pátrún éiteas teanga na scoile chomh maith.

Is féidir eolas a fháil maidir le pátrún agus sainchreideamh scoile trí chuardach a dhéanamh inár n-eolaire:

Cuir do thuairim maidir le pátrúnacht in iúl

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna freagrach as scoileanna nua a bhunú i gceantair ina bhfuil méadú suntasach no athrú sa daonra, agus easpa spásanna scoile sna scoileanna áitiúla reatha le freastal ar an éileamh méadaithe.  Tugann grúpa darb ainm an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua comhairle don Aire Oideachais maidir le pátrúnacht na scoileanna nua atá le hoscailt.

Nuair a shocraíonn an Roinn go bhfuil gá le scoil nua, tugtar cuireadh do phátrúin iarratas a dhéanamh or oscailt na scoile nua mar chuid de phróiseas iomaíoch. Déantar seo ar mhaithe le héagsúlacht agus rogha a chur ar fáil inár gcóras oideachais. De ghnáth, téitear i gcomhairle le tuismitheoirí mar chuid den phróiseas seo agus bíonn feachtas ar bun ag pátrúin le tuismitheoirí a spreagadh vóta a chaitheamh ar a múnla oideachais faoi leith.

Déantar seo trí chóras ar líne a ndéanann an Roinn bainistiú air. Le linn thréimhse an chomhairliúcháin, is féidir le tuismitheoirí a rogha pátrúin leis an scoil a rith a chur in iúl, mar aon lena rogha i taobh éiteas teanga na scoile (Béarla nó Gaeilge) de. Le vóta a chaitheamh, is gá do thuismitheoirí bheidh ina gcónaí sa limistéir pleanála scoile agus páiste nó páistí a bheith acu nach bhfuil ag freastal ar scoil go fóill. Iarrtar ar thuismitheoirí uimhir PSP a bpáiste agus Eircode a chur ar fáil. Le breis eolais a fháil ar an bpróiseas seo, féach https://patronage.education.gov.ie/.

Cad atá speisialta faoi scoil nua?

I scoil nua, bíonn meon láidir pobail ann agus bíonn gach éinne atá rannpháirteach ann ar bís. De ghnáth, tosaíonn an scoil le Naíonáin Bheaga amháin. Cuirfidh do pháiste aithne ar na baill foirne agus daltaí eile ar fad an-sciobtha, agus cuirfidh tusa aithne ar na tuismitheoirí eile.

Deiseanna uathúla bheith rannpháirteach!

I scoil nua bíonn go leor deiseanna bheith rannpháirteach agus lámh chúnta a thabhairt má tá suim agat ann. Trí bhord bainistíochta, cumann tuismitheoirí agus coistí nua eile, bíonn deis ag tuismitheoirí ionchur a bheith acu agus cúnamh a thabhairt. Beidh polasaí nua éide scoile, polasaí lóin agus go leor polasaithe eile le cur i bhfeidhm sula n-osclaíonn an scoil agus tugann scoil nua go leor deiseanna bheith rannpháirteach sna cinntí seo agus cabhrú le hoideachas do pháiste i mbealach praiticiúil.

scoileanna nua

Feachtais reatha

Nuair atá deis ann scoil lán-Ghaeilge nua a oscailt, spreagtar tuismitheoirí agus lucht tacaíochta eile le bheith rannpháirteach san fheachtas áitiúil leis an scéal a scaipeadh agus an méid is mó tuismitheoirí a spreagadh lena dtacaíocht a léiriú.

An bhfuil cónaí ort sa limistéar pleanála scoile? An bhfuil páiste nó páistí agat nach bhfuil ar scoil go fóill? Más “Tá!” freagra na gceisteanna seo, tá tú i dteideal vóta a chaitheamh!

Nuair atá próiseas iomaíoch ar siúl ag an Roinn le scoil nua a bhunú, tá ríthábhacht ag baint le líon na vótaí a fhaigheann gach pátrún. Déanann an Roinn cinneadh maidir leis a gcineál scoile a mbunófar sa cheantar bunaithe air sin. Ní hionann léiriú spéise ó thuismitheoir ar phátrúnacht na scoile agus iarratas ar chlárúchán, mar sin má tá tú i dteideal vóta a chaitheamh, is féidir leat cabhrú leis an bhfeachtas trí vóta a chaitheamh don oideachas lán-Ghaeilge. Is comhartha tacaíochta é seo don bhfeachtas seachas gealltanas go bhfuil tú chun do pháiste a chur chuig an scoil nua, agus tá fáilte romhat do pháiste a chlárú i scoil eile más mian leat.

Céard a tharlaíonn mura bhfuil vóta agat?

Mura bhfuil tú sa limistéar pleanála scoile, nó má tá tú ag iarraidh do chuid tacaíochta a léiriú don bhfeachtas, ba bhreá linn fós do chuid cúnaimh. Cláraigh don liosta seachadta ag http://gaelscoil4all.ie/ga/claraigh/ agus coinneoidh muid suas chun dáta thú. Nó is féidir súil a choinneáil ar an bhfotha nuachta ag bun an leathanaigh seo do na scéalta is deireanaí faoi scoileanna nua.

An Feachtas Gaelscoil4all

Is feachtas de chuid An Foras Pátrúnachta, an patrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge, é Gaelscoil4all, le scoileanna nua lán-Ghaeilge ilchreidmheacha a bhunú. Gheobhaidh tú go leor eolais ar a suíomh idirlín faoi fheachtais reatha, scoileanna nua agus bealaí le bheith rannpháirteach http://gaelscoil4all.ie/

Feachtas na Scoileanna Nua

Nuacht is déanaí

Nuacht is Déanaí

3 bhunscoil nua lán-Ghaeilge le hoscailt i mbliana

3 bhunscoil nua lán-Ghaeilge le hoscailt i mbliana

Cuireann Gaeloideachas an-fháilte roimh fhógra an Aire Oideachais, Norma Foley, gurb é an Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar na bunscoileanna lán-Ghaeilge nua a bheidh le hoscailt i mbliana le freastal ar cheantair Baile Átha Cliath 2-4 agus ar Bhaile Átha Cliath 13. Gaelscoil Eoin agus Gaelscoil Ghráinne Mhaol a thabharfar ar na scoileanna nua seo, agus beidh siad, in éineacht le Gaelscoil Lir i dTeach Sagard, Baile Átha Cliath, ag cur fáilte roimh a gcéad ranganna naíonán i Meán Fómhair na bliana seo.

Leigh