Lá Aibreáin agus leabhrán dathúcháin na Cásca
Is sean-nós iarrachtaí a dhéanamh bob a bhualadh ar dhaoine ar an gcéad lá d’Aibreán. Ní féidir a bheith muiníneach as gach rud atá i gcló ag an am seo ach amháin na rudaí atá ar ár leathanach dírithe ar áiseanna i nGaeilge do Lá Aibreáin agus na Scéalta Earraigh a bhíonns daoine ag scaipeadh ar Lá An Phleidhce. Agus do theaghlaigh le leanaí óga tá bronntanas beag againn dóibh, leabhrán dathúcháin dosna gasúir, agus sos beag dá dtuistí! Tá sé ar fáil mar PDF ar ár leathanach don Cháisc, sa Leabharlann Acmhainní, in éindí le háiseanna eile do mhúinteoirí is tuismitheoirí.