Lá Fadó I gCathair Dháibhí le nótaí

Lá fadó i gCathair Rí Dháibhí
tháinig naíonán ar an saol.
Rugadh é go humhal sa scioból,
bó ‘gus asal lena thaobh.
Críost Mac Dé an leanbh caoin,
Muire ghlé a mháthair mhín.

Tháinig sé anuas ar talamh,
Rí na cruinne, Rí na sló (slua).
Naíonán Rí ina luí sa mhainséar,
aoirí bocht(a) ag umhlú dó.
Mian a chroí bheith linne beo,
cónaí a dhéanamh linn go deo.

Tháinig sé le muid a shlánú;
moladh, glóir is buíochas dó.
Uan geal Dé ar bís le gá dúinn;
ar ár son do céasadh beo.
Ceolaimis le háthas croí,
glóir go hard don Naíonán Rí.

Bunaithe ar O Little Town Of Bethlehem agus port scríofa ag Ralph Vaughan Williams.
Tuilleadh ar fáil ar 🎶 Amhráin na Nollag 👼🎄🎅