Le Chéile Trí Ghaeilge

by | Mar 2, 2022 | Ceannlíne, Ginearálta, Múinteoirí

Tá áthas ar Gaeloideachas a fhógairt go bhfuil an scéim tacaíochta Le Chéile Trí Ghaeilge ar oscailt d’iarratais don scoilbhliain seo.

Cuireann Gaeloideachas deontas d’imeachtaí ar fáil do scoileanna, naíonraí agus naíscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar bhonn 32 contae le deis a thabhairt dóibh imeacht dá rogha féin a reáchtáil trí mheán na Gaeilge chun leas chur chun cinn na teanga i measc na ndaltaí idir scoileanna, naíonraí agus naíscoileanna eile.

Tá tuilleadh eolais faoin scéim, agus an fhoirm iarratais ar líne, ar fáil ar an leathanach seo.