Leathanaigh Nua le Fuaim ar GaeilgedonNaionra.ie

Le deireanaí cuireadh leathanach nua ar fhuaimniú na Gaeilge ar suíomh GaeilgeDonNaíonra.ie. Mar aon leis an gcuid is mó de na háiseanna ar an suíomh tá béim ar bhileoga dathúcháin atá nasctha le comhaid fuaime. Mar sin is féidir le múinteoirí na bileoga a sheoladh abhaile mar thacaíocht d’obair ranga ar fhoghraíocht na Gaeilge. Ar gach bileog tá (1) focal eiseamláireach d’fhuaim amháin, (2) íomhá chuí le dathú agus (3) nasc MF (Cód QR) is féidir a oscailt sa PDF nó le ceamara cliste