Léiríonn Réamhthorthaí an Daonáirimh Ról Ríthábhachtach an Oideachais Lán-Ghaeilge ag méadú Líon na gCainteoirí Gaeilge

Jun 2, 2023

Is léiriú soiléir agus suntasach torthaí dhaonáireamh 2022, a fógraíodh an tseachtain seo ar thionchar an oideachais lán-Ghaeilge, dar le Gaeloideachas, eagraíocht náisiúnta abchóideachta agus tacaíochta scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus na naíonraí, lasmuigh den Ghaeltacht.  

Déanann Gaeloideachas suntas don nasc soiléir idir contaetha a bhfuil iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge ann agus contaetha a bhfuil líon níos airde cainteoirí Gaeilge a thugann le fios go bhfuil a gcuid Gaeilge “an-mhaith”. 

“Tugann na fíricí seo fianaise dúinn go bhfuil ar chumas daoine óga ardchaighdeán Gaeilge a shealbhú, a bheidh ina bhuntáiste dóibh ar feadh an tsaoil, ach na deiseanna a bheith curtha ar fáil dóibh tríd an gcóras oideachais”, a deir Bláthnaid ní Gréacháin, Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas. “Faraor, tá a mhalairt fíor freisin, agus ní gá dúinn ach breathnú ar léarscáileanna na Príomh-Oifige Staidrimh chun a thiscuint go dtugann an oiread níos lú daoine le fios go bhfuil Gaeilge an-mhaith acu i gcontaetha nach bhfuil iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ann nó ar fáil dóibh”.  

Creideann Gaeloideachas go ndearbhaíonn na réamhthorthaí seo an ríthábhacht a bhaineann le hoideachas lán-Ghaeilge a bheith ar fáil do pháistí ag an 3 leibhéal chun go mbeidh fás agus méadú suntasach ar líon na ndaoine a aithníonn iad féin mar chainteoirí Gaeilge. Faoi láthair, tá 13 chontae gan iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ann. Tá sé riachtanach go méadófar ar líon na n-iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge chun a chinntiú go mbeidh deiseanna cothroma agus bunchearta ann do gach páiste ar mian leis nó léi leanúint lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, agus mar thoradh air seo, go gcuirfí le líon na gcainteoirí Gaeilge.  

“Bhunaigh an Rialtas Coiste Comhairleach don Ghaeilge anuraidh, a bhfuil mar sprioc aige a chinntiú go mbainfear amach an sprioc go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an státchóras inniúil sa Ghaeilge ó 2030 ar aghaidh, agus go méadófar dá réir líon na seirbhísí poiblí atá ar fáil trí Ghaeilge”, a deir  Micheál S. Mac Donnacha, Uachtarán Gaeloideachas. “Má tá na spriocanna sin le baint amach, tá gá le hathrú suntasach sa bpolasaí agus sa bpróiseas a bhaineann le bunú scoileanna lán-Ghaeilge nua chun go mbeidh muid in ann freastal ar an éileamh ollmhór atá ann, ó leibhéal an naíonra chuig an iar-bhunscoil lán-Ghaeilge agus go mbeidh deiseanna cothroma ann do chuile pháiste freastal ar naíonra, bunscoil nó iar-bhunscoil lán-Ghaeilge”.   

Críoch 

Teagmháil 

Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach| blathnaid@gaeloideachas.ie | 01 8535195 | 086-8050335 

Micheál S. Mac Donnacha, Uachtarán | uachtaran@gaeloideachas.ie | 087-2891544 

 

Nótaí don eagarthóir 

Gaeloideachas 
Is ceanneagraíocht náisiúnta í Gaeloideachas a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. 
 
Tugann Gaeloideachas comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta do scoileanna lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht mar aon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.