Léirithe Spéise á lorg: Cúram Iar-Scoile i nGaelscoil na bhFilí
Fáiltíonn Bord Bainistíochta Ghaelscoil na bhFilí roimh léirithe spéise le bunú agus reachtáil seirbhíse iar-scoile trí mheán na Gaeilge ar shuíomh na scoile. Beidh an tseirbhís curtha ar fáil gach lá ó 1.30i.n. go 2.30i.n. chun freastal ar rang na Naíonán sa scoil ón 1 Meán Fómhair 2022. Is moladh é seo do thrádálaí aonair chun seirbhís iar-scoile a rith neamhspleách ar an scoil.
Riachtanach
- Taithí (go háirithe le páistí óga)
- Sárscileanna bainistíochta
- Inniúlacht sa Ghaeilge
- Tuiscint ar an nGaelscolaíocht
- Inniúchadh na nGardaí
Inmhianta
- QQI Leibhéal 5 Cúram Leanaí
Ní mór d’iarratais a bheith i nGaeilge amháin agus ba cheart CV (2 leathanach) chomh maith le litir iarratais a sheoladh chuig bordbainistiochtagsf@gmail.com mar PDF AMHÁIN roimh 5 i.n. ar 7 Aibreán 2022.
Má tá eolas ar bith ag teastáil uait, seol ríomhphost chuig an ríomhphost thuas.