Líníocht Ghreannán – Ceardlann do Dhaoine Óga ag an Oireachtas

Beidh Oireachtas na Samhna ar bun in Óstán Gleneagle, Cill Áirne ón 28 Deireadh Fómhair – 1 Samhain 2026
Mar chuid d’imeachtaí Oireachtas na Samhna 2026, beidh Ceardlann Líníocht Ghreannán do Dhaoine Óga á heagrú ag Gaeloideachas & Dalen Éireann .
Tá an cheardlann seo dírithe ar dhaltaí ó Rang 2 go hArdteist agus beidh míle fáilte rompu freastal ar an gceardlann seo. Ní gá go mbeadh taithí acu cheana féin ar líníocht ghrafaicí / ghreannán chun freastal ar an gceardlann.
Am & Ionad:
- AM: 16.00
- LÁ: Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair 2026
- IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, Óstán Gleneagle, Cill Áirne
Sé Aidan Courtney, an teagascóir a bheidh i mbun na ceardlainne. Is cartúnaí, scríbhneoir agus ealaíontóir aitheanta é Aidan.
Beidh Alun Ceri ón gcomhlacht iomráiteach Dalen Éireann i láthair ag an gceardlann le taispeántas de leabhair grafaicí atá foilsithe ag an gcomhlacht.