Liúntais ar ais don Bhunleibhéal

D’fhógair an tAire Oideachais & Óige Hildegarde Naughton ar an 21 Bealtaine go bhfuil “comhaontú” ann idir an Roinn Oideachais agus Cumann Múinteoirí Éireann faoina bhfuil na líuntais thíos le n-íoc:
i) An Liúntas do Mhúinteoirí Bunscoile atá ag obair i scoileanna atá aitheanta mar Scoileanna Gaeltachta faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta, mar atá leagtha amach in Aguisín 1
ii) An Liúntas do Mhúinteoirí Bunscoile atá ag obair i nGaelscoileanna, mar atá leagtha amach in Aguisín 2.
iii) An Liúntas do Mhúinteoirí atá ag obair i Scoileanna Speisialta, mar atá leagtha amach in Aguisín 3.
iv) An Liúntas Oileán Beo do Mhúinteoirí Bunscoile atá ag obair ar oileáin amach ón gcósta, mar atá leagtha amach in Aguisín 4.
v) Liúntas do Mhúinteoirí Bunscoile atá ag obair i Scoileanna ainmnithe mar Bhanda a hAon DEIS agus i Scoileanna DEIS Plus, mar atá leagtha amach in Aguisín 5.
vi) Méadú ar an Liúntas Príomhoide Bunscoile, mar atá leagtha amach in Aguisín 6.
Déanfar íocaíochtaí aisghníomhacha le múinteoirí atá i dteideal na liúntas nua siar go dtí mí Mheán Fómhair 2025.
Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Chiorclán thíos: