Lóistín agus Clárúchán do Thionól Forbartha 2026 

Jun 8, 2026

Beidh Tionól Forbartha Gaeloideachas ar siúl ar an Aoine, an 13ú Samhain in Óstán Slieve Russell, Co. an Chabháin. Beidh clár spreagúil againn lán le taighde úr, ceardlanna praiticúla agus cainteanna spreagúla. Bíonn an-éileamh ar lóistín le linn an Tionóil Forbartha i gcoitinne agus moltar lóistín a chur in áirithe chomh luath agus is féidir. Tá ráta laghdaithe ar fáil faoi láthair. Tá clárúchán oscailte agus is féidir teacht ar bhreis eolais  ag an nasc thíos:

Tionól Forbartha Gaeloideachas 2026