Luach a Léiriú ar an Teagasc trí Ghaeilge – Moladh na hAthbhliana don Rialtas

Jan 5, 2024

Tá aitheantas oifigiúil de dhíth don ualach breise atá ag múinteoirí atá ag múineadh i suíomhanna lán-Ghaeilge chun dul i ngleic leis an ngéarchéim earcaíochta san earnáil, dar leis an eagraíocht náisiúnta thacaíochta do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Agus tús á chur leis an mbliain úr, tá Gaeloideachas – an eagraíocht náisiúnta a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta – ag iarradh ar an Aire Oideachais an liúntas don teagasc trí Ghaeilge a thabhairt ar ais mar rún na hathbhliana. Cuireadh deireadh leis an liúntas sa bhliain 2011 agus níl aon dreasacht nó aitheantas ceart ó shin á thabhairt do na freagrachtaí móra breise atá ag múinteoirí atá ag múineadh i suíomhanna a bhfuil an tumoideachas i bhfeidhm.

Cruthaíodh deighilt éagórach idir mhúinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge de bharr an chinnidh seo – múinteoirí a tháinig isteach sa chóras ón mbliain 2011 ar aghaidh gan liúntas, agus múinteoirí le liúntas. Dóibh siúd le liúntas, a fuair é roimh 2011, cailltear é má bhogtar go scoil eile, fiú más scoil lán-Ghaeilge atá ann. Tá géarchéim san earnáil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta ó thaobh soláthar múinteoirí agus níl aon spreagadh ann a thuilleadh do mhúinteoirí bogadh idir scoileanna ná aistriú go scoil lán-Ghaeilge.

“Tá géarghá le gníomh ón Rialtas le dul i ngleic leis an ngéarchéim earcaíochta agus le haitheantas a thabhairt do mhúinteoirí as na scileanna breise agus eolas teangeolaíochta a bhíonn ag teastáil ó mhúinteoirí an tsuíomh tumoideachais thairis a bhfuil ag teastáil ó mhúinteoirí eile,” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas. “Beidh na Polasaithe don Oideachas Ghaeltachta agus don Oideachas lán-Ghaeilge ag brath ar mhúinteoirí atá oilte sa teanga agus toilteanach obair i suíomh tumoideachais. Tuigimid go bhfuil ualach agus freagrachtaí breise i gceist do mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh trí Ghaeilge agus ba chóir na freagrachtaí agus an obair bhreise a aithint trí liúntas a thabhairt ar ais.”

“Bíonn freagrachtaí breise ar an múinteoir sa suíomh lán-Ghaeilge idir sainábhair faoi leith a mhúineadh agus an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an tsóisialaithe agus teanga phobal na scoile ar bhonn níos leithne,” dar le Micheál S. Mac Donnacha, Uachtarán Gaeloideachas. “Tá luach ag baint leis an obair bhreise atá á déanamh acu – ábhar comhaimseartha a chruthú trí Ghaeilge, comhfhreagras a scríobh go dátheangach, scileanna teanga a fhorbairt, agus uirlisí mheasúnaithe a chruthú trí Ghaeilge, mar shampla – agus ní mór don Rialtas aitheantas ceart a thabhairt don obair seo.”

Críoch 

 

Teagmháil 

Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach| blathnaid@gaeloideachas.ie | 01 8535195 | 086-8050335 

Micheál S. Mac Donnacha, Uachtarán | uachtaran@gaeloideachas.ie | 087-2891544 

 

Nótaí don eagarthóir 

Gaeloideachas 
Is ceanneagraíocht náisiúnta í Gaeloideachas a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Tugann Gaeloideachas comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta do scoileanna lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht mar aon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. 

 

Eolas Cúlra

Is ionann an liúntas le haghaidh múineadh trí Ghaeilge agus €1,785 i mbliana do na múinteoirí a bhí ag múineadh roimh Nollaig 2011. Baineadh dhá liúntas eile de mhúinteoirí nua ag an am céanna, liúntas do mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus an liúntas dóibh ag múineadh ar na hoileáin. Tá luach €3,455 ar an liúntas Gaeltachta agus €2,078 ar an dara ceann.

Tuilleadh eolais: https://gaeloideachas.ie/liuntas-don-teagasc-tri-ghaeilge-reasunaiocht-agus-riachtanas/?lang=ga