Ár ról
Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaeloideachas a thacaíonn le forbairt an oideachas lán-Ghaeilge.
Bunaíodh í mar Gaelscoileanna in 1973 le tacú le bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Ó shin, leathnaíodh ról na heagraíochta agus cuireann sí seirbhísí tacaíochta ar fáil anois do scoileanna Gaeltachta agus naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith.
Tugann Gaeloideachas comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta dóibh siúd atá ag obair san earnáil.
Is féidir le scoileanna lán-Ghaeilge clárú mar bhaill de Gaeloideachas, agus an deis a thapú ainmniúcháin a dhéanamh do Bhord Stiúrtha na heagraíochta, agus dul i bhfeidhm ar a clár oibre.
Tá naonúr ball foirne ag Gaeloideachas, agus tá sí maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Go mbeidh sealbhú agus sóisialú na Gaeilge á chur chun cinn tríd an oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ón réamhscolaíocht go dtí an iar-bhunscolaíocht ar fud na tíre.
Go mbeidh fáil ag gach tuismitheoir agus caomhnóir ar oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar ard-chaighdeán gurb é a rogha é dá gcuid páistí.
Feidhmeanna agus Fearann
An mór-réimse: Gaeloideachas, tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge
- Gaeloideachas agus tumoideachas ó dheas, Gaeltacht san áireamh;
- Réamhscolaíocht ó dheas, lasmuigh den Ghaeltacht; agus
- Cur chuige comhoibritheach le páirtithe ó thuaidh sa ghaeloideachas, tumoideachas agus sa réamhscolaíocht.
Cliceáil ar na ceannteidil thíos le níos mó eolais a fháil maidir leis na feidhmeanna atá aontaithe againn le Foras na Gaeilge, a chuireann maoniú ar fáil dúinn.
Ionadaíocht agus Abhcóideacht
- Tacaíocht, ionadaíocht agus abhcóideacht thar cheann pobail na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Struchtúir agus tacaíocht chuí a mholadh don Stát agus na páirtithe cuí, a thacóidh le soláthar iomlán trí mheán na Gaeilge atá ag freastal ar riachtanais na bpobail agus a éascóidh soláthar oideachais den scoth trí mheán na Gaeilge.
- Tacaíocht agus abhcóideacht thar cheann pobal na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht chun struchtúir chuí a mholadh don Stát agus na páirtithe cuí, a thacóidh le soláthar iomlán trí mheán na Gaeilge atá ag freastal ar riachtanais na bpobail agus a éascóidh seirbhísí luathbhlianta den scoth trí mheán na Gaeilge.
Forbairt Soláthar nua Tumoideachais
- Pleanáil, tacaíocht agus gníomhú i dtreo soláthar nua tumoideachais in earnáil na réamhscolaíochta (lasmuigh den Ghaeltacht), bunscolaíochta agus iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chur ar fáil de réir mar is cuí de réir cur chuige comhoibritheach agus comhleanúnach.
Seirbhísí Tacaíochta don Earnáil lán-Ghaeilge
- Cur chun cinn na Gaeilge mar theanga bheo chumarsáide a éascú i ngach gné de phobail an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag na trí leibhéal. Tacú le tograí forbartha Gaeilge dírithe ar na pobail sin i ndlúthchomhar le ceanneagraíochtaí mar atá aitheanta ag Foras na Gaeilge, agus páirtithe eile leasmhara.
- Seirbhís chuimsitheach agus údarásach eolais agus tacaíochta a chur ar fáil don mhór-phobal agus do phobail an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag na trí leibhéal maidir leis an gcóras tumoideachais ina iomláine agus maidir le teacht a bheith acu ar sholáthar trí Ghaeilge.
Forbairt Ghairmiúil agus Caighdeáin
- Comhoibriú le forais chuí Stáit agus le páirtithe leasmhara eile a bheidh chun leasa soláthar réamhscolaíochta, bunscolaíochta agus iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge a bheith ar fáil de réir rialacha agus caighdeán cuí.
- Comhoibriú le forais chuí Stáit agus le páirtithe leasmhara eile chun críche soláthar um fhorbairt ghairmiúil chuí a bheith ar fáil do bhaill foirne san earnáil oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag na trí leibhéal le caighdeán ard tumoideachais a éascú. Comhoibriú le páirtithe leasmhara an tuaiscirt chun críche comhroinnt dea-chleachtais idir fhorais tumoideachais.
- Tacú le comhroinnt an dea-chleachtais trí Tionól Forbartha bliantúil a eagrú móide seimineáir le freastal ar phobail an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag na trí leibhéal, agus é sin i gcomhair le heagrais eile.
Comhpháirtíocht agus Pleanáil Straitéiseach
- Pleananna straitéiseacha agus oibríochtúla a réiteach mar aon le tionscadail chomhpháirtíochta a chur i gcrích le comhpháirtithe eile ar an bhFóram Comhpháirtíochta mar atá aitheanta ag Foras na Gaeilge.
- Iarratais thráthúla ar mhaoiniú a chur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge bunaithe ar na feidhmeanna thuas luaite.