Bord Gaeloideachas

Mícheál S. Mac Donnacha
Uachtarán
Múinteoir bunscoile Gaeltachta, Oifigeach Oideachais Gaeltachta de chuid COGG, PDST, Iar- Chathaoirleach ar Óige na Gaeltachta agus Feachtas, Rúnaí ar Chraobh Iar Chonnacht, Oifigeach Gaeilge na Meán le CMI, Cathaoirleach boird bainistíochta scoileanna Gaeltachta, Cathaoirleach ar Chomhairle Raidió na Gaeltachta, M.Oid san Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Seán Ó hArgáin
Leas-Uachtarán
Príomhoide Ghaelscoil Osraí, ball de bhord Fhoras na Gaeilge, iarmhéara ar chathair Chill Chainnigh, iaroifigeach forbartha ar Ógras, Stiúrthóir ar Ghealaraí de Buitléar, Cill Chainnigh agus iarstiúrthóir ar Amharclann Gheata an Uisce, Cill Chainnigh. Páirteach in an-chuid eagraíochtaí deonacha pobail agus spóirt.

Cormac Ó Tuairisg
Rúnaí agus Ionadaí Earnáil na mBunscoileanna Gaeltachta
Múinteoir i Scoil Éinne, An Spidéal. Ag múineadh le 8 mbliana anuas i scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna. Máistreacht san oideachas digiteach agus iar-innealtóir aerlonga.

Ciara Ní Chonchúir
Ionadaí Earnáil na mBunscoileanna Gaeltachta
Is de bhunadh Gaeltacht Daingean Uí Chúis í Chiara. Chaith sí roinnt blianta ag múinteoireacht thar lear agus tá sí anois curtha fúithi i nDún Garbhán agus ag oibriú mar mhúinteoir tacaíochta teangan faoin bpolasaí Gaeltachta sa Rinn. Tá MA sa Nua-Ghaeilge agus Máistreacht san Oideachas bainte amach aici.

Laura Ní Chathasaigh
Ionadaí Earnáil na mBunscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht
Múinteoir i nGaelscoil Bhaile Brigín.

Marc de Grás
Ionadaí Earnáil na mBunscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht
Príomhoide Ghaelscoil na nDéise agus ball de Chomhairle Náisiúnta Líonra Príomhoidí Bunscoile Éireann. Ag obair sa chóras gaeloideachais ó 2003 agus is as Gaeltacht na Rinne san Déise dó. M.A. bainte amach aige i mBainistíocht san Oideachas.

Cathnia Ó Muircheartaigh
Ionadaí Earnáil na nIar-bhunscoileanna
Príomhoide Choláiste Pobail Osraí i gCathair Chill Chainnigh ó 2006, ball de bhord bainistíochta Ghaelscoil Osraí, Uachtarán reatha de Chumann Náisiúnta Priomhoidí agus Priomhoidí Táinisteacha (NAPD), ball de Chomhairle COGG.

Toirdealbhach Ó Lionáird
Ionadaí Earnáil na nIar-bhunscoileanna
Príomhoide Choláiste Ghobnatan i mBaile Mhic Íre, Co. Chorcaí. Céimí den M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste Mhuire gan Smál. Tá Dioplóma Iarchéime i bPleanáil Scoile agus Dioplóma Iarchéime i gCeannaireacht Scoile aige. Tá dochtúireacht idir lámha aige atá ag fiosrú: Tionchar an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta (POG feasta) ar eispéireas, féiniúlacht agus ról an phríomhoide iar-bhunscoile Gaeltachta: cás staidéar ar cheithre iar-bhunscoil Ghaeltachta. “Príomhoideachas” is ea ainm an podchraoladh atá aige ina bpléitear ceannaireacht scoile.

Róise Nic Corraidh
Ionadaí Réigiún 1
Múinteoir bunscoile i scoil Cholmcille Duibhlinn Riabhach, Ros Goill. Ag obair mar mhúinteoir tacaíochta teanga i gceithre scoil Ghaeltachta le cúpla bliain anuas. MA i dTeanga agus Litríocht na Nua-Ghaeilge.

Crios Hickson
Ionadaí Réigiún 2
Múinteoir bunscoile agus Príomhoide Cúnta i nGaelscoil Phortlaoise. Comh maith le M. Sc. i mBainistíocht ar Oideachais & ar Thraenáil ó Ollscoil na Cathrach B.A.C., tá Ard Dioplóma i Dlí agus Oideachas ó Óstaí na Rí bainte amach aige.

Bríd Ní Sheighin
Ionadaí Réigiún 3
Príomhoide Scoil Náisiúnta Cheathrú Thaidhg, bunscoil i nGaeltacht Iorras, Co Mhaigh Eo. Gníomhach i go leor eagraíochtaí deonacha. Suim faoi leith sa phleanáil teanga, forbairt pobail agus an polasaí oideachas Gaeltachta.

Caitríona Ní Luasa
Ionadaí Réigiún 4
Príomhoide Ghaelscoil Naomh Séamas i gCill Orglan ó 2018. Tá M.A. sa Ghaeilge bainte amach aici ó Ollscoil Chorcaí agus tá M.Oid san Oideachas Lán-Gaeilge agus Gaeltachta idir-lámha aici faoi láthair i gColáiste Mhuire gan Smál.

Aodh Mac Craith
Ionadaí Réigiún 5
Is de bhunadh Gaeltachta Rinn Ua gCuanach san Déise Aodh Mac Craith. Mar mhúinteoir bunscoile tá breis is fiche bliain taithí sa chóras gaeloideachas aige, tá sé ina phríomhoide i Scoil Náisiúnta na Rinne i nGaeltacht na nDéise agus tá sé ina bhall de bhord COGG ó 2016.

Clodagh Ní Mhaoilchiaráin
Cisteoir agus Ionadaí Réigiún 6
Príomhoide Ghaelscoil Bhaile Brigín, Cathaoirleach ar Choláiste Ghlór na Mara, Iarbhall de bhord COGG, Cathaoirleach fhochoiste RSO Gaeloideachas, Rúnaí agus Cisteoir Ógeagrais, Máistreacht san Oideachas Lán-Gaeilge agus Gaeltachta, ball den mheitheal oibre don churaclam teanga nua de chuid an CNCM.

Antóin Delap
Comhthofa
Aturnae o Ghaoth Dobhair ó dhúchas atá ag cleachtadh i gCathair Bhaile Átha Cliath agus i dTamhlacht. I mbun an mhír dlí ar ‘Barrscéalta’ RTÉ Raidió na Gaeltachta le blianta fada anuas. Cathaoirleach Bhord Bainistíochta Choláiste Eoin, Baile Átha Cliath.

Diarmaid Ua Bruadair
Comhthofa
Is de bhunadh Gaeltacht Uirbeach Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste é Diarmaid agus d’fhreastail sé féin ar Bhunscoil Phobail Feirste i mblianta tosaigh na scoile. Chaith sé ceithre bliana déag i gColáiste Feirste agus bhí sé ar fhoireann ceannaireachta na scoile sular ceapadh mar phríomhoide i nGaelcholáiste Dhoire é i 2015 nuair a bunaíodh an scoil sin i nDún Geimhin.