3. Amhráin & Rainn

Is bealach iontach iad na hamhráin agus rainn leis na bunuimhreacha agus comhaireamh a thabhairt isteach agus a threisiú. Bíonn spraoi ag baint leo agus cabhraíonn an t-athrá is an rithim leis na páistí cuimhneamh ar na huimhreacha agus iad a fhuaimniú. Tá bunchoincheapa mata (uimhreacha, tomhais agus pátrúin) le fáil in go leor amhrán agus rann. Léiríonn amhráin eile conas a dhéanann tú daoine a chomhaireamh (duine, beirt, triúr…) agus léiríonn cinn eile conas a dhéanann tú rudaí a chomhaireamh (aon, dhá, trí…).

Seo roinnt amhrán agus rann a bhféadfaí a úsáid leis an stór focal luathuimhearthachta a threisiú:

  • A haon, a dó, a trí, Caitín beag ina shuí
  • A hAon, a Dó, a Trí, Lucha Beaga Buí
  • A haon, a dó, a trí, tá Puisín ina luí
  • A hAon, dó, trí, ceathair, cúig, sé
  • Aon, Dó, Muc is Bó
  • Cén t-am é a Mhac Tíre?
  • Cúig Rón thuas ar an gCloch.
  • Cúig Ubh istigh sa Nead
  • Cúigear Fear ag Tógáil Tí
  • Dhá Éinín Bheaga
  • Lámh, lámh eile
  • Leoraí Mór
  • Na Trí Phuisín
  • Rólaí Pólaí
  • Teidí Beag Álainn

Tá amhráin agus rainn ar théamaí éagsúla ar fáil sna bailiúcháin seo:

  • Amhráin do Pháistí, Forbairt Naíonraí Teoranta
  • Ardaigh an Laiste, Oidhreacht Chorca Dhuibhne
  • Bliain na nAmhrán, Tadhg Mac Dhonnagáin
  • Bróga Nua 1, Áine Ní Shúilleabháin
  • Bróga Nua 2, Áine Ní Shúilleabháin
  • Ceol Leat!, Róise Ní Bhaoill
  • Gugalaí Gug, Tadhg Mac Dhonnagáin agus John Ryan
  • Maidin sa Naíonra,Treasa Ní Cheannaigh agus Máire Breathnach
  • Picnic Teidí, Sadhbh Rosenstock
  • Plúra Lúra agus na Bopóga, Mary Ryan
  • Rabhlaí Rabhlaí Rogha Rannta Traidisiúnta don Aos Óg, Roibeard Ó Cathasaigh
  • Sicín Mise Go Sona Sásta, Oidhreacht Chorca Dhuibhne
  • Timpeall an Tí, Treasa Ní Ailpín

Tá go leor amhrán agus rann ar fáil sna foinsí seo ar líne chomh maith:

Altram https://www.altram.org/amhr%C3%A1in-agus-rannta

Cur i láthair ó Shíomha Ní Mhuirí https://www.slideshare.net/siomhanimhuiri/rannta

Sceitimíní Gníomhaíochtaí Spraíúla don Seomra Ranga, Claire M. Dunne https://www.cogg.ie/wp-content/uploads/Sceitim%C3%ADn%C3%AD-Gn%C3%ADomha%C3%ADochta%C3%AD-Gaeilge-agus-Dr%C3%A1ma%C3%ADochta-Leagan-don-Idirl%C3%ADon.pdf

Spraoi Le Chéile | Playing Together Traditional Irish Games https://www.galwaychildcare.com/uploadedfiles/Spraoi-le-Cheile.pdf

Teanga an Tí (Glór na nGael) – Rannta agus Amhráin https://www.teangati.ie/catagoir-punann/rannta-agus-amhrain/

Teanga an Tí (Glór na nGael)- Rannta do Pháistí Óga https://www.teangati.ie/eolas/rannta-do-phaisti-oga/