4. Scéalta

Is acmhainn an-luachmhar í an scéalaíocht dar ndóigh leis an teanga a shealbhú agus cur le stór focal ar théamaí éagsúla i mbealach siamsúil. Seo thíos roinnt scéalta ina bhfuil uimhreacha luaite nó deiseanna iontacha iontu roinnt den bhfoclóir a bhaineann leis an luathuimhearthacht threisiú. Is féidir an foclóir a chur i láthair na bpáistí ar bhealach gníomhach trí gheáitsí agus trí rudaí a thaispeáint dóibh chun brí a chur in iúl nó d’fhéadfaí mála scéalaíochta a úsáid le spreagadh breise a bheith ann (Tumoideachas sa Naíonra, 2018).

  • An mbíonn Dónal an Chlúimh á léamh sa naíonra? Tá físeán iontach anseo ó Naíonra Naithí ag léiriú comhaireamh i nGaeilge i mbealach an-spreagúil agus soiléir
  • Dar ndóigh, is scéal iontach é Na Trí Mhuicín le díriú ar an teanga a bhaineann leis an mata. Éist leis á léamh ar Cúla4 ar Scoil anseo
  • Tá teacht ar Cinnín Óir agus na Trí Bhéar ar chainéal Youtube An Gúm agus taifead fuaime ar a gcainéal Soundcloud
  • Is féidir éisteacht le Bran ag Comhaireamh á léamh ag Nóirín anseo
  • Cá bhfuil Tata? Ainmhí beag é Tata ach tá sé ar iarraidh san fhoraois. Tugtar seans don léitheoir beag é a chuardach agus buaileann muid le go leor ainmhithe eile i rith an ama. Múintear comhaireamh simplí ag an am céanna. Tá an scéal á léamh ag Donnach ó Ghlór na nGael anseo
  • Éist leis Na Trí Ghabhar Chliste anseo ar chainéal Soundcloud An Gúm

Seo roinnt leabhar eile a chuirfidh le stór focal na bpáistí ar an luathuimhearthacht:

  • An Chéad 100 Uimhir
  • Caitlín agus Cormac – Lá Mór Fada
  • Cillian ag Comhaireamh
  • Comhaireamh – an Fheirm
  • Cruthanna – sa Teach
  • Dathanna – an Zú
  • Léann Bran an tAm
  • Na Trí Bhéar
  • Na Trí Ghabhar Chliste
  • Na Trí Mhuicín
  • Ó Mhaidin go hOíche
  • Tá Bran in ann Comhaireamh