7. Cleachtais agus Smaointe

Seo blaiseadh beag ar roinnt de na bealaí praiticiúla a gcuirtear béim ar an luathuimhearthacht agus an teanga a bhaineann léi i Naíonra Thír na nÓg, Baile Átha Cliath. Tá cur síos ar amhráin, scéalta agus cluichí a úsáidtear sa naíonra ann agus go leor smaointe fíorphraiticúla chun chur leis na deiseanna a bhíonn ag na páistí teanga na huimhearthachta a shealbhú. Buíochas mór le Máire Ní Choileáin as an gcleachtas fíorluachmhar seo a roinnt.

 

Tús na Bliana

Ag tús na bliana agus naíonraí ag díriú ar an téama Mé Féin agus Féiniúlacht (Féiniúlacht agus Muintearas in Aistear), is féidir an rann seo a úsáid go héifeachtach leis an luathuimhearthacht a thabhairt isteach:

“Lámh, lámh eile a haon a dó …”

Rann eile a bhféadfaí a nascadh leis an téama céanna, Mé Féin agus Féiniúlacht, ná “Dhá éinín bheaga thuas ar an gcrann, seo é…”. Seachas Peadar agus Pól a úsáid, úsáidimid ainmneacha na bpáistí féin sa naíonra, is breá leo é seo. (Maidin sa Naíonra)

Úsáidimid an trí leabhar seo ag tús na bliana: Na Trí Mhuicín, Na Trí Bhéar agus Na Trí Ghabhar Chliste.

Bíonn ocras ar na béir agus na gabhair! Úsáidimid an rann seo ó Maidin sa Naíonra le cur leis an stór focal maidir le béilí agus mothúcháin.

“Tá ocras orm, tá ocras orm, tá ocras orm anois, ba mhaith liom lón, ba mhaith liom lón, ba mhaith liom lón anois.” Déanaimid an rud céanna le “Tá tart orm…..”

Nuair atáimid ag déanamh an scéil Na Trí Mhuicín, úsáidimid an rann “Trí mhuicín ag tógáil tí…” ag gach tigh in áit “Cúigear fear ag tógáil tí…” (Timpeall an Tí).

Is féidir éisteacht leis Na Trí Mhuicín anseo https://www.youtube.com/watch?v=Bivl5lX7C_o

Tá leagan iomlán de “Cúigear Fear” ar fáil anseo https://www.galwaychildcare.com/uploadedfiles/Spraoi-le-Cheile.pdf

Má bhíonn codladh i gceist úsáidimid “ag iarraidh dul a chodladh, a chodladh, a chodladh, ag iarraidh dul a chodladh atáimse.” (Sicín mise go Sona Sásta)

Tá acmhainní teanga bunaithe ar an rann seo ar fáil ar www.GaeilgedonNaionra.ie

Féach

Tá ábhar ar fáil ar an rann seo ar www.IrishforParents.ie chomh maith.

Am Lóin

Sula dtosaímid ar an lón, téimid timpeall ar gach duine ag rá:

“Aon dó, muc is bó, trí ceathair, mála leathair…”  (Rabhlaí Rabhlaí: Rogha Rannta Traidisiúnta don Aos Óg)

 

Cé mhéad méar? (Gugalaí Gug).  Ní úsáidimid ach:  “Cé mhéad méar, iad go léir, Aon, dó trí, ceathair, cúig”. Bíonn an lámh thuas acu agus bíonn tú ag comhaireamh. Deirimid é seo agus “Aon, dó, muc is bó…” gach lá roimh lón nó nuair a thagann siad le céile tar éis bheith ag saorimirt. Bíonn ort rannta a rá ana-mhinic nó ní fhanann sé leo.

Físeán den leagan iomlán anseo: https://www.youtube.com/watch?v=rzc6BHkChhg

 

Am Súgartha/Cluichí

A hAon, a Dó, a Trí, Lucha Beaga Buí

Seo cluiche beag a imrímid sa naíonra – tá an-spraoi ag baint leis seo. Déanaimid sa halla é go hiondúil. Roghnaíonn tú triúr (lucha) agus duine breise (cat). Ritheann an cat i ndiaidh na luch ag iarraidh breith orthu.

A haon, a dó, a trí, lucha beaga buí,

Ag ithe píosa cáise, I ngan fhios d’fhear an tí,

Tagann an fear isteach, Ritheann na lucha amach.

 

A haon, a dó, a trí,

Lucha beaga buí,

Ag ithe píosa cáise,

I ngan fhios d’fhear an tí.

Cat mór liath,

Tháinig sé isteach;

Cad a dhein na lucha?

Ritheadar amach!

 

Amhráin agus Rannta

Is breá leis na páistí an t-amhrán “Cúig rón thuas ar an gcloch”(Amhráin do Pháistí).

Seasann siad ar chathaoir, an cúigear acu agus is féidir leo léim anuas nuair a thagann an uimhir suas. Faoin am a thagann deireadh na bliana nó an dara bliain, is féidir leo a rá leat, an mó rón atá fágtha.

 

Cúig Ubh istigh sa Nead (Timpeall an Tí).

Ar fáth éigin, taitníonn sé seo leo. Bíonn cúigear amuigh mar ubh agus duine eile mar mhamaí cearc. Taobh amháin le hubh agus an taobh eile le blaosc.

 

Úlla ar an gCrann

Is gníomhaíocht dheas í seo don bhfómhar. Le linn an fhómhair, déanaimid úlla ar an gcrann ag an am seo bliana. In Timpeall an Tí, tá “trí úll aibí ar an gcrann” ach déanaimid

“trí úll thuas an an gcrann,

thuas ar an gcrann, thuas ar an gcrann,

trí úll thuas ar an gcrann, pioc úll amháin anuas den gcrann.”

Bíonn trí úll againn agus crann agus bíonn seans ag gach duine úll a phiocadh.