Míle buíochas ó Gaeloideachas!
Míle buíochas libh ar fad a d’fhreastal ar ár seimineáir ar líne in 2020!
Bhaineamar an-taitneamh as bhur gcomhluadar ag ár seimineáir ar líne i mbliana. Tá súil againn gur bhain sibhse taitneamh is tairbhe astu. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil lenár gcainteoirí agus lenár gcathaoirligh uile, agus táimid ag tnúth le níos mó eolais agus smaointe nua a roinnt libh san Athbhliain.
Coinnígí súil amach do sheimineáir na hAthbhliana ar ár meáin shóisialta agus ar ár suíomh gaeloideachas.ie/claraigh Táimid ag tnúth go mór le leanúint leis an tsraith seimineár in 2021 agus b’aoibhinn linn cloisteáil uaibh le gur féidir linn freastal níos fearr ar na riachtanais atá agaibh san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta! Má tá moladh ar bith agaibh d’ábhair nó seimineár ar leith a mbeadh áisiúil daoibh mar mhúinteoirí, déan teagmháil le eolas@gaeloideachas.ie
Má chaill sibh aon sheimineár nó más mian libh breathnú siar ar aon cheardlann nó ceann a roinnt le baill foirne eile, tá na taifeadtaí ar fad ar fáil ar sheinn-liosta YouTube. bit.ly/ForbairtGaeloid
Seo thíos na seimineáir ar fad mar a bhaineann le gach leibhéal oideachais:
Seimineáir Do Naíonaí
- 02.12.2020 – Amhránaíocht sa Naíonra
- 18.11.20 Scéalaíocht Sa Naíonra
- Ag Tacú le hAistriú, Seimineár PEAR
Seimineáir Don Bhunleibhéal
- 17.11.20 Fóineolaíocht agus Litearthacht
- 04.11.20 Léitheoireacht Sna hArdranganna
- RSO Sa Bhunscoil 06.10.20
- Comhrá matamaitice a chothú trí thascanna “urlár íseal, síleáil ard”
- Scaradh Teanga & Scaradh Sóisialta
- Beatha Teanga Dónal Ó hAiniféin
- Beatha Teanga: Dr TJ O’Ceallaigh
Seimineáir Don Iar-bhunleibhéal
- 01.12.2020 – Sealbhú Teanga a Threisiú thar Ábhair Éagsúla
- 23.11.20 Úsáid na Teicneolaíochta sa Rang ETIM (STEM)
- 10.11.20 Gaeilge na Sraithe Sóisearaí
- 22.09.20 Dianthumadh Éifeachtach San Iar-bhunscoil
Seimineáir do Thuismitheoirí
- Ar Aghaidh Linn! Ag Aistriú ón mBunscoil go dtí an Iarbhunscoil (BÉARLA)
- Ar Aghaidh Linn! Ag Aistriú ón Naíonra chuig an mBunscoil (BÉARLA)
- Dyslexia Seminar for Parents (BÉARLA)
- Seimineár Disléicse do Thuismitheoirí (GAEILGE)
Seimineáir Riachtanais Speisialta Oideachais