Mo Leabharlann Bheag

Jul 14, 2026

Ó 2022 in Éirinn, tugtar cuireadh do leanaí atá ag fágáil na réamhscoile agus ag tosú ar an mbunscoil cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil chun mála leabhar saor in aisce a fháil nuair a thosaíonn siad ar an scoil agus an deis a thapú chun ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann.

Tá Málaí Leabhar Mo Leabharlann Bheag ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

  • Tá an mála leabhar atá mar chuid de Mo Leabharlann Bheag ar fáil i leabharlanna áitiúla anois do gach uile leanbh atá ag tosú ar an mbunscoil i mí Mheán Fómhair.
  • Tá gluais den fhriotal a úsáidtear sna leabhair Ghaeilge le fáil sna málaí Gaeilge.
  • Cuirtear bailiúchán acmhainní agus eolais ar fáil i ngach mála freisin, lena n-áirítear: cárta scéil shóisialta leabharlainne, bileog dhathúcháin i gcomhair Mo Leabharlann Bheag, Treoir do Thuismitheoirí Leanaí atá ag Aistriú ón Réamhscoil go dtí an Bhunscoil de chuid Na Chéad 5, Disléicse agus an Leanbh Óg le Dyslexia Ireland agus Bookshare Ireland le Vision Ireland.

Meabhraigh agus spreag na tuismitheoirí chun mála Gaeilge a roghnú!