Moltaí ón seimineár RÉITEACH
Ba seimineár é RÉITEACH a eagraíodh in Ionad Comhdhála BÁC ar 12 Márta 2026 a scrúdaigh conas gur féidir oibriú i dtreo eispéiris shásúil foghlama Gaeilge do gach dalta. Bhí fócas faoi leith ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) agus conas is féidir curaclaim na Gaeilge inár gcóras oideachais a ailíniú leis faoi mar atá geallta sa Chlár Rialtais reatha. Bhí plé agus forbairt déanta freisin ar an moladh le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt bunaithe ar an FTCE. Roinneadh tuiscint níos fearr ar céard é an FTCE, na buntáistí a d’fhéadfadh sé a chur ar fáil (go háirithe le dul i ngleic leis an fás as cuimse den líon díolúintí ó staidéar na Gaeilge a bronntar) agus conas a d’fhéadfaí an córas oideachais a ailíniú leis an FTCE. Cuireadh deis ar fáil le moltaí a chur chun cinn maidir le conas eispéireas sásúil foghlama Gaeilge a chinntiú do gach dalta. Chomh maith leis sin bhí plé ar na sonraíochtaí ardteiste Gaeilge nua atá á fhorbairt ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoi láthair. Bhí an seimineár seo eagraithe le cur leis an gComhrá Náisiúnta ar an Oideachas a thosaigh an Roinn Oideachais agus Óige in 2026.
Is féidir na moltaí agus naisc chuig na cur i láthair uile ón lá a íoslódáil trí chliceáil anseo.