Múinteoirí: Dialann 2020/2021

Aug 28, 2020

Dialann

Tá leagan Gaeilge de ‘Irish Primary Teacher Planner‘ le Niamh Dunphy ar fáil anois do 2020/2021, acmhainn atá foirfe do mhúinteoirí ag filleadh ar an scoil sna seachtainí amach romhainn.

Freastalaíonn an dialann seo ar mhúinteoirí gnóthach i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le gach rud thíos san áireamh i ngach mí, ach aistrithe go hiomlán go Gaeilge:

  • Achoimre ar ábhair
  • Liosta “Le déanamh” seachtainiúil
  • Achoimre seachtaine
  • Féilire thagartha

Rudaí sa bhreis atá clúdaithe sa dialann ná:

  • Cruinnithe le tuismitheoirí, baill foirne, srl.
  • Breithlaethanta
  • Nótaí d’ionadaithe
  • Liostaí Ranganna
  • Taifead ar obair bhaile

Is féidir do chóip a ordú ar líne anseo anois ar €12.99.