Na Leanaí I mBeithil

Na focail don amhrán Na Leanaí I mBeithil (A Leanbh Dhil Mhilis). Tá an leathanach maisithe agus tá nasc, agus íomhá MF do ghutháin phóca, chuig an bhfíseán atá istigh sa seinnliosta Ceol Na Nollag ar ár gcainéal YouTube.

A leanbh dhil mhilis do tháinig ón bhFlaitheas anuas,
Chun scéala dea-mhéine is síocháin ó Neamh do bhreith chugainn;
Nach mór é an t-ionadh le rá Thú id luí ins an bhfuacht
Is gur Tusa, a Shlánaitheoir ghrámhair, Tiarna na gCumhacht(aí).

Ó, féach orainn, leanaí na hÉireann ag teacht os do chomhair,
Mar thángadar aingil is aoirí an oíche úd fadó;
Ó, molaimid d’ainm ró-naofa, a Rí dhil na slua
Agus béarfaimid leatsa ár mbuíochas, anois is go deo.

Go bhfóirirse orainn, a Íosa, a thug dóchas don tsaol,
Impímid go humhal ort ár muintir do chosaint ar bhaol;
Dein ainsprid na deighilte do dhíbirt amach uainn i gcéin,
Is is gearr go mbeidh áitreabh ár sinsear fé rath is fé réim.