Na Meáin – Díolúintí, Géarchéim, FTCE, Banú Pobail

I rith laethanta na Nollag seo caite, chlúdaigh na meáin chumarsáide Béarla ceisteanna a bhaineann le múineadh na Gaeilge mar ábhar, chomh héasca agus a bhronntar díolúine ón nGaeilge in áit tacaíocht a sholáthar agus an tionchar atá ag an gcur chuige seo ar thodhchaí na teanga:
In alt le Jack White san Irish Times Luan 22 Nollaig ’25, roinneadh taithí agus tuairim tuismitheora a bhfuil disléicse ar a mhac. Labhradh leis an Ollamh Pádraig Ó Duibhir – iarcheannasaí Sealbhú, Ollscoil Chathair Bhaile Áth Cliath; le Bláthnaid ní Ghréacháin – Ardfheidhmeannach Gaeloideachas agus le Rosie Bisset – Ardfheidhmeannach Dyslexia Ireland.
Ar an gclár Today (RTE, Raidió 1) 6 Eanáir ’25 labhair Myles Dungan leis an Dr Nessa Croinin – Ollscoil na Gaillimhe; Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge agus Chloe Ahern – Múinteoir Gaeilge & Fraincise chomh maith le An Múinteoir Gaeilge ar TikTok. Clúdaíodh an borradh nua atá faoin nGaeilge go náisiúnta (nó an bhfuil?); easpa Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí; an eilifint sa seomra – méadú 50% ar líon díolúintí ón nGaeilge mar ábhar iar-bhunscoile ó 2017; an drogall maidir leis an Fráma Tagartha Comónta Eorpach a chur i bhfeidhim ar mhúineadh na Gaeilge agus an ghéarchéim i bpleanáil tithíochta sa nGaeltacht atá ag ruaigeadh teaghlaigh óga i dtreo na gcathracha, ag bánú pobail Ghaeltachta agus ag dúnadh scoileanna.