Cart

Bunscoileanna nua i 2019, ach freastal teoranta orthu siúd ar mian leo oideachas trí Ghaeilge

by | Feb 24, 2019 | Ginearálta, Muinteoirí, Nuacht, Preasráitis, Taighdeoirí, Tuismitheoirí

Ag eascairt as fógra an Aire Oideachais agus Scileanna inniu go mbeidh 2 scoil as an 12 a osclófar Meán Fómhair 2019 ina bhunscoileanna lán-Ghaeilge, fáiltíonn Gaeloideachas go mór roimh an dea-scéal do phobal Dheisceart Átha Cliath (Bhaile an Bhóthair agus an Charraig Dhubh) agus Maigh Nuad.

Bronnadh pátrúnacht na scoileanna seo ar an bhForas Pátrúnachta mar thoradh ar phróiseas a thionscnaigh an Roinn Oideachais & Scileanna le pátrúin a roghnú do 12 bunscoil atá le hoscailt i 2019. Bhí féidearthacht ann scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú i ngach ceantair díbh, agus is cúis mhór díomá do thuismitheoirí a lorg rogha an oideachais lán-Ghaeilge ina gceantair féin nach mbeidh freastal á dhéanamh orthu.

Tá córas bunaithe ar léirithe spéise ó thuismitheoirí á úsáid ag an Roinn ó 2011 i leith cinntí a dhéanamh maidir leis na cineálacha scoileanna nua a bhunaítear, agus iarracht á dhéanamh acu próiseas trédhearcach agus daonlathach a chur ar bun chuige. Ainneoin leasuithe a bheith déanta ar an bpróiseas arís i mbliana, áfach, feictear go bhfuil an t-oideachas lán-Ghaeilge thíos leis go fóill, mar nach bhfreastalaíonn an próiseas ar rogha an mhionlaigh.

Próiseas casta atá ann, agus ní léir go bhfuil tuismitheoirí ag dul i ngleic leis. Níl sé soiléir ná intuigthe dóibh, agus ritheadh na feachtais thar saoire na Nollag, an t-am is measa sa bhliain dóibh siúd le páistí óga bheith ag plé le comhairliúcháin den chineál seo. Is faoi na pátrúin ionchasacha atá sé tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir leis an deis scoil nua a roghnú dá gceantar, seachas go gcuirfeadh an Roinn féin na roghanna faoina mbráid i mbealach neodrach agus cothrom. Ciallaíonn seo go mbíonn an-éagothromaíocht ann idir pátrúin mhóra a bhfuil próifíl láidir agus stádas náisiúnta agus idirnáisiúnta acu agus pátrúin a chuireann rogha an mhionlaigh ar fáil.

Gá le hathbhreithniú ar an bpróiseas bunaithe scoile

Údar díomá is ea nach ndearna an Roinn aon comhairliúcháin le Gaeloideachas sular cuireadh tús leis an bpróiseas do 2019, in ainneoin imscrúdú an Choimisinéara Teanga maidir le toradh an phróisis roimhe, agus aighneachtaí agus iarratais Gaeloideachas ar chruinnithe le hoifigigh na Roinne, leis an Iar-Aire Bruton agus leis an Aire Mc Hugh. Beimid ag súil leis an deis na saincheisteanna seo a phlé leis an Roinn agus táimid buíoch as an tiomantas a léirigh siad tabhairt faoi seo, agus beimid ag súil chomh maith lenár gcuid moltaí a chur faoi bhráid an Aire McHugh gan mhoill.

In ainneoin ráitis na Roinne go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le héileamh ar oideachas lán-Ghaeilge a mheas agus freastal cuí a dhéanamh uirthi tá go fóill an phátrúnacht á bronnadh ar an bpatrún leis an líon is mó léirithe spéise. Dá réir, níl aon athrú sa phróiseas in ainneoin go bhfuil an Roinn ag tabhairt le fios go bhfuil ceist na Gaeilge lárnach agus an-tábhachtach.

Tá míréir sna tuairiscí a d’eisigh an Roinn maidir leis na ceantair faoi seach; is cosúil go bhfuil an céatadán do na tuismitheoirí gur mian leo go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil níos ísle ná mar ar ceart dó a bheith, toisc míthuiscint a bheith ar thuismitheoirí maidir leis an gceist agus tá míchruinnis i líon na ndaltaí i gcás ar a laghad ceann amháin de na scoileanna lán-Ghaeilge reatha, a thugann le fios go bhfuil áiteanna ar fáil ann nuair nach bhfuil.

Aithnítear sa tuairisc go bhfuil éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge i ngach ceantair daoibh, ach tá Gaeloideachas an-mhíshásta faoin ráiteas ann nach léir go mbeadh aon scoil eile as an 10 gcinn inmharthana mar scoil lán-Ghaeilge. Ní féidir sin a chruthú, ní léir cé na critéir – más ann dóibh – a úsáideadh le sin a mheas, agus ní chuirtear an critéar céanna i bhfeidhm do scoil meán-Bhéarla. Ní fheictear do Gaeloideachas go bhfuil na moltaí maidir le freastal ar an éileamh seo feiliúnach, sé sin scoileanna reatha a fhás, agus deis a thabhairt dóibh iompú ina scoileanna ilchreidmheacha (sa chás gur scoileanna sainchreidmheacha nó idirchreidmheacha iad). Tá gá le comhairliúcháin agus taighde ar na himpleachtaí a bheadh ag athrú stádais den chineál sin do phobail agus sainmheoin teanga na scoileanna sular féidir a leithéid a mholadh.

Amach romhainn

Leanfaidh Gaeloideachas ag stocaireacht le cinntiú:

  • go ndéanfaí soláthar cuí do thuismitheoirí gur mian leo oideachas lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dá gcuid páistí;
  • go nglacfaidh an Roinn Oideachais & Scileanna freagracht as próiseas a dhearadh agus a stiúradh i mbealach atá intuigthe, soiléir, éasca agus cairdiúil do thuismitheoirí, agus;
  • go gceapfar polasaí don oideachas lán-Ghaeilge a chuimsíonn córais le freastal cuí a dhéanamh ar na beartais Stáit maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus an oideachais lán-Ghaeilge.

Seolfar feachtais do na ceantair ina mbeidh scoileanna le bunú i 2020 go luath, agus beidh gach eolas ar fáil ar www.gaelscoil4all.ie.

Is féidir gach eolas maidir le hoideachas lán-Ghaeilge ón naíonra go bunscoil go hiar-bhunscoil a aimsiú ar www.gaeloideachas.ie.