Nollaig Shona ó Gaeloideachas


Nollaig Shona
Thar ceann Gaeloideachas is mian liom ár mbuíochas ó chroí a ghlacadh libh as bhur dtacaíocht i mbliana trí rannpháirtíocht a ghlacadh inár gcuid imeachtaí agus tionscadail, trí aiseolas a thabhairt ar shaincheisteanna éagsúla agus trí chúnamh Gaeloideachas a lorg i mbealaí éagsúla. Is ann dúinn mar bhalleagraíocht mar gheall ar an rannpháirtíocht ghníomhach chéanna. Is fúinn atá dá réir a bheith chomh hábhartha agus chomh sofhreagúil agus is féidir linn, agus táimid faoi chomaoin mhór agaibh as bheith gníomhach mar phobal ag aithint agus ag éileamh tacaíochtaí cuí chun leasa na hearnála.
I measc buaicphointí Gaeloideachas i mbliana, áirím:
Forbairt Ghairmiúil Leanúnach
Comhdhálacha rathúla saindírithe ar phobal an tumoideachais – Bláthú, comhdháil ar riachtanais bhreise oideachais, Comhdháil na Luathbhlianta agus An Tionól Forbartha. Léiríonn an t-aiseolas gur ócáidí thábhachtacha iad seo do chleachtóirí an tumoideachais agus dá réir, leanfar leo mar imeachtaí lárnacha Gaeloideachas.

Forbairtí Earnála
Scéim aitheantais rathúil faoi bhrat an Polasaí don Oideachas Gaeltachta le 101 bunscoil agus 19 iarbhunscoil ag fáil aitheantais mar scoileanna Gaeltachta.
Rinneadh comhairliúchán cuimsitheach ar an bPolasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge, le ról lárnach agus gníomhach ag Gaeloideachas ann. Rinneadh abhcóideacht agus achainí láidir ar an Roinn Oideachais go bhfoilseofaí dréachtpholasaí, agus tá dóchas againn go ndéanfar amhlaidh agus Aire nua tofa.
Go comhthreomhar, rinne Gaeloideachas abhcóideacht láidir mar chuid den phlean cuimsitheach do na luathbhlianta, agus táimid dóchasach go mbeidh toradh dearfach na hoibre le feiceáil san athbhliain.
Olltoghchán 2024
D’oibrigh Gaeloideachas go dian ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an gcóras polaitiúil faoi na tosaíochtaí ar ghá a aithint d’fhonn córas tumoideachais ar ardchaighdeán a bheith ar fáil ón naíonra go h-iarbhunscoileanna. Aithnímid uile gur tréimhse chinniúnach don Ghaeilge agus don oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta í seo, agus leanfaimid orainn leis na hiarrachtaí, in éindí libh agus le pobal uile na Gaeilge leis an sprioc go n-athneofaí tosaíochtaí na hearnála sa chlár rialtais nua.
Scéalta Ceiliúrtha ag Leibhéal na Foirne
Chuir Ciara Ní Bhroin agus a fear chéile Mark fáilte roimh a n-iníon gleoite, Fódhla ag tús mhí Bealtaine. Bhíomhar an-bhuíoch den Roinn Ghaeltachta as an maoiniú do mhórthionscadal na luathbhlianta, rud a d’éascaigh ceapachán Katie Ní Riain mar Bhainisteoir Luathbhlianta leis an eagraíocht. D’fhág an ceapachán seo folúntas mar Oifigeach Forbartha, agus bhíomar an-sásta gur éirigh le Clodagh Ní Mhúirí sa phróiseas earcaíochta sin. D’éirigh le Rachel Walker an ról mar Fheidhmeannach Riaracháin agus Cumarsáide a shaothrú. Cuirimid fáilte mór roimh Rachel san eagraíocht agus tréaslaímid na dea-scéalta sin uile leis na baill foirne.
Forbairtí an Bhoird Stiúrtha
Chuir baill an bhoird, faoi stiúir an Chathaoirligh, Clodagh Ní Mhaoilchiaráin bliain mhór oibre isteach ag stiúradh obair na heagraíochta chun a chinntiú go raibh dea-chleachtas rialachais á leanúint i gcónaí. Anuas air sin, tá obair leanúnach ar bun, faoi stiúir chomhairleoir sheachtrach, chun a chinntiú go bhfuil an struchtúr eagraíochtúil chomh héifeachtach agus is féidir. Táim fíorbhuíoch don bhord as a gcuid tacaíochta leanúnach agus ba bhuaicphointe é domsa go pearsanta a bheith ag plé leo agus ag fáiltiú roimh dhaoine nua ar an mbord sa chruinniú ginearálta bliantúil deiridh. Go mba fada buan sibh.

Beidh oifigí Gaeloideachas dúnta ón 23 Nollaig go 2 Eanáir agus beimid ag súil go mór le bheith ar ais ag obair ar bhur son san athbhliain.
Idir an dá linn, a chairde uile, bíodh Nollaig mhór mhaith agaibh,
Bláthnaid
Ardfheidhmneannach Gaeloideachas
