Ó Scéal go Stáitse – Drámaíocht sna Bunscoileanna

Tá an lámhleabhar Ó Scéal go Stáitse, a forbraíodh go speisialta do mhúinteoirí bunscoile, foilsithe ag An tOireachtas mar acmhainn phraiticiúil chun tacú le múinteoirí a gcuid scileanna agus straitéisí drámaíochta a fhorbairt. Tá praghas €20 air agus is féidir cóip a ordú ach ríomhphost a sheoladh chuig taibhealaíona@antoireachtas.ie.
I bhFómhar 2026, cuirfidh an tOireachtas sraith ceardlann drámaíochta ar fáil i dtimpeall 40 bunscoil ar fud na tíre, agus beidh na seisiúin dírithe go príomha ar mhúinteoirí agus ar a gcuid scileanna agus muiníne sa drámaíocht a fhorbairt.