Oíche Oscailte Ghaelcholáiste Synge

D’fhreastal slua mór ar Oíche Oscailte Ghaelcholáiste Synge ar an Máirt 29 Meán Fómhair. Tháinig tuismitheoirí agus daltaí óna Gaelscoileanna áitiúla ar fad chun an scoil a fheiceáil. Bhí cácaí á maisiú sa seomra nua Eacnamaíochta Bhaile, croíthe á ndioscadh sa tsaotharlann, cluichí sa halla spóirt agus spraoi agus craic sna seomraí ranga. Sheinn ceoltóirí áitiúla cúpla port sa leabharlann i rith na hoíche. Bhí ionadaithe de chuid COGG, Gaeloideachas, Foraois, Baile Átha Cliath le Gaeilge agus Conradh na Gaeilge i láthair agus baill d’fheachtas Gaelcholáiste 2468 i láthair, le príomhoidí Ghaelscoil Eoin, Ghaelscoil Inse Chór agus Ghaelscoil Lios na nÓg ina measc.
Rinneadh tagairt don obair thógála atá ag dul ar aghaidh sa scoil agus go mbeidh seomra adhmadóireachta á thógáil an samhradh seo chugainn. Tá an Roinn Oideachais agus Óige go hiomlán taobh thiar den tionscnamh agus na milliúin á infheistiú acu san fhoirgneamh chun Gaelcholáiste nua, rathúil a bhunú i lár na cathrach agus i gCeathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath.
Bhí an Oíche Oscailte lán de spleodar, dóchas agus spreagadh. Tá clárúchán ar oscailt don scoilbhliain 2027/28 anois agus fáilte roimh iarratais. Is féidir tuilleadh eolais a fháil tríd :
- cuairt a thabhairt ar suíomh idirlín gcsynge.ie
- seol ríomhphost chuig oifig@gcsynge.ie
- glaoigh ar Phríomhoide Tánaisteach Medb Ní Fhearghail 083 433 57 59.